1ú Nollaig 2014
Primary Planet, a chara
Is mise Oran Ó Donnabháin. Táim i rang a ceathair i nGaelscoil Chill Dara, An Bóthar Glas, An Currach, Co Chill Dara. Scoil Ghlas í Gaelscoil Chill Dara.
Óstán Feithidí
Cén fáth gur thógamar Óstán Feithidí?
Scoil Ghlas í Gaelscoil Chill Dara. Rinne mise ant-óstán feithidí le mo chlann. Theastaigh uaim féachaint ar na feithidí agus foghlaim futhu.
Céard a d’úsáideamar chun ár nóstán feithidí a thógáil?
Pailéid adhmaid, píopaí, potaí bláthanna ,buidéil fholamha, duilleoga tirimithe, coirt scaoilte, cairtchláir rocach, clocha, bricí le poill, coinlíní plaisteacha,
min sáibh, lomáin, cipíní, buaircíní péine agus tuí.
Cé a bheidh ag seiceáil isteach in ár nóstán feithidí?
Bóín Dé, ciaróga, damháin alla, miolta adhmaid, céadchosaigh, beacha aonaracha, frog agus gráinneog. (Tá súil agam!)
Cén áit gur féidir leis na feithidí agus créatúir bheo maireachtáil?
San adhmad marbh – ciaróga.
Spásanna beaga faoin gcoirt – ciaróga, domháinalla, céadchosaigh agus míolta adhmaid.
I bpoill san adhmad – beacha aonarach.
Ar úrlár ár nóstáin? – B’fhéidir frog.
Cipíní – bóín dé. Faoi na duilleoga tirimithe -b’fhéidir gráinneog?
Caithin a tógadh an t-óstán feithidí?
Tógadh an t-óstán feithidí ar an 3ú Eanáir 2014 agus d’oscail a dhoirse láithreach. Tá súil againn go mbainfidh na haíonna taitneamh as a dtréimhse anseo!
Suirbhé ar éin sa gháirdín
Inniu é an 1ú Nollaig agus thosaigh ar scoil an Suirbhé ar éin sa gháirdín ( Nollaig 2014 go Feabhra 2015). Cé mhéad de na héin seo a fheicfimid i nGaelscoil Chill Dara an Geimhreadh seo? Tá an scoil ag breathnú ar na héin sa gháirdín. Tá muid ag déanamh éanbhreathnaithe mar chuid den Éanbhreathnú atá ar siúl ag an gCoiste Glas. Chonaic siad Druid amháin, 3 Rúcach agus 2 Chág. Tá trí bhosca éan sa gháirdín:
Dhá bhosca le poill iontu – do na meantáin ghorma agus Ceann le tosach oscailte – don spideog
Coiste Glas
Tá an coiste glas deanta suas de mhúinteoirí, páistí agus tuismitheoirí. Na Gardai Glasa
Téann na gardaí glasa timpeall na scoile gach mí, go dtí gach rang. Bíonn said ag féachaint ar rudai athchursalta, úsáid an uisce agus fuinneamh agus bealach teacht ar scoil. Tá an scoil ag obair le haghaidh ár seú brat glas: Saorántacht Domhanda – Bruscar agus Drámhaíl.
Tá súil agam go bhfaighimid an brat glas.
Slán go fóill, Oran