Crannchur na Cásca

Buíochas ó chroí do phobal na scoile. D’éirigh go iontach leis an gCrannchur na Cásca, bhailíomar 500 euro san iomlán. Chaitheamar 50 euro Ar na duaiseanna. Ar deireadh tá 450euro eile againn do Coinnigh an Mhisnigh!

Beannachtaí na Cásca oraibh go léir! Ná déan dearmad faoin gCóirthrádáil agus an cumhacht atá agatsa an Cháisc seo!

WP_20141203_007image

Ag féachaint ar na héin

Bhain mé taitneamh as bheith ag féachaint ar na héin i ngairdín na scoile. Thosaigh mé ag féachaint ar na héin i mo ghairdín féin. Chonaic me glasóg shráide. Is éan dubh agus bán é. Tá eireaball fada aige a bhíonn ag dul suas agus anuas nuair a bhíonn sé ag siúl. Tá sé timpeall 16-19 cm ar fad. Itheann sé cuilleoga agus féileacán oíche. Tá said le feiceaíl i ngach áit ach ní fhaca mé ceann sa  ghairdin ar scoil. Ní maith leo an aimsir fhuar ach is maith leo cáca.

 

 

Rachel Rang a 5

Malartú na Leabhar 2014 23.11.2014

Bhí lá den scoth againn ar an Aoine “Lá gan aon phinn luaidhe” a bhí ann agus d’eagraigh Rang Niamh Malartú na Leabhar 2014 don scoil ar fad le cúnamh ó Rang Esther agus An Coiste Glas. Míle buíochas.

Bhíomar sona sásta ag obair ag an Malartú, ag cabhrú le na páistí beaga agus ag coinneáil na leabhar in ord agus in eagar! D’imigh gach uile páiste sa scoil abhaile le leabhar nua a roghnaigh siad féin ag an Malartú na Leabhar agus tá súil againn gur bhain siad taitneamh agus tairbhe as. Gan cheist bhíomar tuirseach traochta ag dul abhaile ach ba iontach an deis é dúinn foghlaim cén chaoi a oibríonn ócáid mar seo.

Míle, míle buíochas do pháiste na scoile a thóg níos mó ná 1,100 leabhar ar scoil leo, gan bhur leabhair ní bheadh aon Mhalartú na Leabhar!

WP_20141121_045 WP_20141121_044 WP_20141121_042 WP_20141121_041

Malartú na Leabhar – Ar an Lá!

Bhuel, táimid beagnach ann. Chomhraigh Gráinne agus Killian thar 1,100 leabhar inniu.

Athúsáid, athchúrsáil, laghdaigh!

Bhíomar an-ghnóthach inniu

  • ag crochadh na bpóstaeir,
  • ag ullmhú na leabhar
  • agus ag cur lipéidí ar na boird, dathanna éagsúla do na ranganna éagsúla!
  • Chuireamar ticéid an pháiste chuig na múinteoirí agus
  • chuireamar clár-ama le chéile ag cinntiú go mbeidh go leor ama againn idir ranganna um na boird a réiteach arís!

9.00 Rang Niamh

9.15 Rang Esther

9.40 Rang Chaitríona – Naíónáin

10.00 Rang Chara  – Naíonáin

10.20 Rang Aoife- R1

11.00 Rang Jenny – Naíonáin

11.20 Rang Mhichelle –  R1

11.35 Rang Chlíodhna – Naíonáin

11.50 Rang Mháire – R3

12.05 Rang Mhargo – R2

12.20 Rang Stephanie – R4

1.05 Rang Eibhlín – R3

1.20 Rang Dheirdre- R2

1.35 Rang Niamh – R4

1.55 Rang Róisín – R5

2.15 Rang Chaitríona -R5

Malartú na Leabhar 2014 – Athchúrsáil

I mbliana mar chuid de Mhí na Samhna, Mí na Léitheoireachta bhí smaoineamh den scoth againn. Leabhair a mhalartú sa seomra ranga, d’fhás agus d’fhorbair an smaoineamh agus anois ar an 21ú de Mhí na Samhna beidh an scoil ar fad ag glacadh páirte sa chéad Mhalartú Leabhar i nGSCD.

  • Phléamar mar rang an bhealach is fearr le tabhairt faoin Mhalartú Leabhar a eagrú.
  • Rinneamar cinneadh iarraidh ar gach páiste leabhar amháin nach raibh uathu a thógáil ar scoil ar an 17&18 de mhí na Samhna agus go mbeadh cead acu leabhar eile a thógáil ar an 21ú de Mhí na Samhna.
  • Scríobhamar litreacha i nGaeilge chuig na tuismitheoirí.
  • Dhearamar póstaeir le dul abhaile agus le crochadh timpeall na scoile.
  • Labhair Múinteoir Niamh le na múinteoirí, an Coiste Glas agus le tuismitheoirí a bhí aithne aici orthu.
  • Phléamar an Malartú len-ár dtuismitheoirí, ár gcairde agus le páistí uile na scoile.
  • Ar an 17ú, 18ú agus 19ú de Mhí na Samhna bhailíomar na leabhair ó na ranganna go léir.
  • Inniu an 19ú de Mhí na Samhna thosaíomar ag réiteach na leabhair. Bhíomar ag roghnú na leabhair a bheadh in oiriúnt do na ranganna éagsúla, m.sh. na naíónáin, rang 1,2, rang 3,4 agus rang 5,6. Bhíomar ag léamh, ag meaitseáil, ag cur in ord agus in eagar níos mó ná míle leabhar.
  • Chuireamar ár gcroíthe isteach san obair agus tá cuma an- tharraingteach ar na leabhair anois.
  • Amárach beidh clár-ama le cur le chéile agus ticéid a dhéanamh do na páistí, le cinntiú go mbeidh leabhar amháin faighte ag gach páiste.
  • Beimid ag obair san Mhalartú Leabhar ar an Aoine ag coinneáil na leabhair go deas néata, ag cabhrú  le páistí leabhair a roghnú agus ag cinntiú go bhfuil leabhar faighte ag gach paiste.
  • Beidh Malartú Leabhar eile againn Dé Luain má tá go leor leabhar fágtha againn agus cuirfimid na leabhair sa bhreis sa leabharlann scoile.
  • Bhaineamar an-taitneamh as an obair go dtí seo agus táimid ag súil go mór leis an Aoine.

Rang Niamh Athúsáid, athchúrsáil, laghdaigh!

Óstán Féithidí Gaelscoil Chill Dara

Ba mhaith linn eolas a fháil fain óstán -cabhraigh linn?

  1. Cén tionchar atá ag an aimsir, séasúircag athrú agus láithreach to plandaí ar an ngnáthóg?
  2. An bhfuil níos mó mionbheithígh de réir mar a théann na seachtainí?
  3. An féidir linn slabhra bia nó líonra bia a aithint as ghnáthóg?
  4. Cén baint atá ag an lochán ar an óstán feithidí?