Cruinniú den Choiste Glas 8.2.2016

Buíochas le mamaí Aisling, mamaí Olga, múinteoir Niamh agus na Gardaí Glasa go léir! Bhí cruinniú iontach againn inniu. Seo iad na miontuairiscí buíochas le Chloé.

I láthair: Chloé, Charlie, Oisín, Megan, Fae, daniel, Alice, Oisín, Sienna, Rónán, Clare, Brendán, Aaron, Áine, Conor, Moya, Emma-Jane agus Erin

1. Comórtas Ealaíne don Athchúrsáil atá ar siúl an tseachtain seo chugainn. Lgh A3, dáta deiridh 15.2.16, duais amháin ag gach leibhéal!

Téama-ag athchúrsáil i nGaelscoil Chill Dara!

2. Boinn Rua- ná déan dearmad boinn rua a thabhairt don mhúinteoir agus seolfaidh do mhúinteoir iad ar aghaidh go dtí an oifig. 30 euro faighte go dtí seo! GRMA

3. Éan na Seachtaine ar an mblag!

4. Trócaire, acmhainní iontacha ar fáil ó Trócaire don Charghas faoi Athrú agus faoi Cheartas Aeráide agus Saoránacht Dhomhanda!

5. Grinaghrafadóir ag teacht Déardaoin um ghrianghraf dona Gardaí Glasa 2014/2015 & 2015/2016 a ghlacadh san fhorhalla. Bígí go hálainn mar is ghnáth😉.

Slán go fóill, Chloé

Lá Fhéile Bríde 1.2.2016

Rinneamar Crosa Bhríde le na páistí i Rang a Dó um Lá ‘le Bríde a cheiliúradh!

Rinneamar Crósóga le Múínteoir Aoileann ar an Máirt, míle buíochas a Aoileann.

Mhúin sí rann gearr dúinn a chabhróidh lear Crosóg Bhríde a dhéanamh le luachair, páipéar, fabraic srl.

Tóg luachair amháin, cuir ceann amháin eile taobh thiar,

Fill an ceann taobh thiar go dtí a trí, Cas go dtí a 12 agus tosaigh arís!

D’éirigh go hiontach linn buíochas leis an rann agus na luachair a bhailigh Múinteoir Aoileann ar an gCurrach.

luachair

ach scoth luachra – ag gearradh luachra – airgead luachra

airgead luachra

 

Féach ar na Crosóga a rinneamar.

DSC_1994

Éan na Seachtaine – An Spideog 8.2.2016

Is éan beag í an Spideog idir 12 agus 14cm ar fad le réisesciathán idir 20 agus 22cm. Aithnítear an spideog go héasca ón mbrollach dearg a bhíonn aici. Tá glór binn aici agus feictear go minic í i ngairdíní tuaithe, gairdín na scoile agus cathrach go háirithe nuair a bhíonn tochailt ar siúl.

Is féidir éisteacht léi anseo.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil anseo agus anseo!

An bhfuil rann, amhrán, scéal, ealaín nó a thuilleadh eolais agat faoin Spideog? Ba bhreá linn an t-eolas a fháil, fág teachtaireacht le bhur dtoil.

2671.robin2

 

Éan na Seachtaine – An Dreoilín 1.2.2016

dreoilin bain dreoilin

 

Is éan beag é an Dreoilin (an dara éan is lú sa tír)  idir 9 agus 10.5cm ar fad le réisesciathán idir 20 agus 22cm. Aithnítear an Dreoilín go héasca ón eireaball gearr a bhíonn in airde aige. Tá aghaidh dearg ar an Dreoilín baineann agus feictear go minic an Dreoilín i ngairdín na scoile.

Is féidir éisteacht leis anseo.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil anseo.