Bia – Na Bia Aistir 29.02 & 01.03.2016 Rang Karen

Bia le Rang Deirdre

As cén tíortha a thagann ár mbia?

Fásann beagnach gach saghas bia ar fheirm. Ceannaímid sna siopaí agus sna margaí é. Go minic téann an bia ón bhfeirm go dtí monarcha ar dtús, sna monarcha déantar bia difriúil as agus cuirtear i bpacáiste é, msh déantar arán as gráinní.

Ach as cén tíortha a thagann ár mbia?

Cén % den bhia a ithimid atá táirgthe in Éire? Nó I Sasana?

Cén ilchríoch as a thagann an bia atá á ithe againn ó lá go lá?

An raibh a fhios agat san Eoraip nach ithimíd ach 70% den bhia a cheannaímid?

Rinneamar suirbhé ar an mbia a d’itheamar don dhinnéar tráthnóna Dé Luain agus tráthnóna Dé Máirt!

Bhí orainn 8 tairge a roghnú a d’úsáideamar agus muid ag ullmhú an dinnéir ar an Luan agus arís ar am Máirt- Seo iad na ceisteanna a bhí le freagairt againn

Ceist 1.Féach go géar ar na pacáistí agus fiosraigh as cén tír a tháinig said?

Ceist 2. Ansin oibrigh amach as cén ilchríoch?

Ceist 3. Ar úsáid sibh aon earraí cóirthrádála?

Cén tír? Cé ilchríóch? An bia cóirthrádála é?

Bhí ionadh orainn faoin méid taistil a bhí i gceist ag an mbia ach thaitin sé linn a bheith ag breathnú ar an mbia agus as seo amach déanfaimid iarrach níos mó bia atá áitiúil agus i séasúr a cheannach agus a ithe! le Oisín agus Alice

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *