Nead Spideoige – Naíonáin Bheaga Róisín

Táimid ag foghlaim faoi nead éin. Thug Annabelle nead spideoige isteach ar scoil chugainn. D’fhoghlaimíomar faoin spideog. Tá broinn dearg ag an spideog agus tá sí beag. Tá sí clúdaithe le cleití. Is maith léi feithid, péist agus caora. Ní maith léi milseáin! Bíonn uibheacha gorma bheaga ag an spideog. Bíonn an spideog ar gor go dtí go bhfuil na gcearcaigh réidh. Scaoilteann an bhlaosc agus tagann cearcaigh óga ar an saol. Rinnemar imscrúdú ar an nead. Fuaireamar amach go bhfuil sé cuartha agus éadrom. Chonaiceamar gur úsáid an spideog cipíní bheaga, féar, tuí agus duilleoga ar thaobh amuigh an nead. D’úsáid sí gruaig bog agus cleití ar an taobh istigh, chun na huibheacha a choimeád te agus sábháilte. Tá’s againn nach ceart duit cuir isteach ar nead riamh, ar eagla nach dtiocfadh na tuismitheoirí ar ais.

 

Ansin chuamar chun féachaint ar an mbosca neadaireachta sa gháirdín. Tá nead ag an Meantán Gorm ann. Chomhraíomar na huibheacha, agus tá 6 cinn ann! Ansin tháinig an Meantán Gorm ar ais agus chonaiceamar í ar gor. Bhí orainn a bheith an-chiúin. Tá súil againn go bhfeicimid na gcearcaigh go luath!

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *