An Dair buíochas leis an PDST

An Dair

Ba í an dair an crann ba thábhachtaí i bhforaoisí na hÉireann anallód. Ba í príomhfhoinse adhmad na dtithe, na mbád, an troscán agus na bhfeithiclí í ar feadh na gcianta. Ní fhásann sí an-ard ná an-tapa; bíonn a fáinní bliantúla an-soiléir, agus is furasta na gathanna meideallacha a thabhairt faoi deara inti. Dath donn a bhíonn ar an gcineál darach is luachmhaire; níl an saghas dearg chomh luachmhar sin.

Adhmad an-bhuan atá sa dair. Maireann sí níos sia na míle bliain in áit thirim, aerach. Fiú amháin, fuarthas píosaí de a bhí faoi uisce ar feadh na gcéadta bliain agus iad gan dreo. Tá adhmad na darach crua, righin, láidir, agus is furasta é a lúbadh le gal. Tá sé ornáideach agus raidhsiúil chomh maith. Is iad na lochtanna atá air ná go stangann sé mura mbíonn sé stálaithe go maith, go n-ionsaíonn baictéir é, agus go milleann an t-aigéad a bhíonn ann aon mhiotal a dhéanann teagmháil leis. Is minic a fheictear dair phortaigh agus dath dubh uirthi – an t-iarann a bhíonn sa chaonach is cúis leis sin. Bíonn tainnin i gcoirt na darach go háirithe san earrach, agus bhaintí úsáid as sin tráth i gcomhair na súdaireachta.

Is iomaí cineál crann darach at ann ach is iad an dair choitianta agus an dair neamhghasánach na saghsanna is  tábhachtaí. Úsáidtear mórchuid den dair choitianta chun troscán.  Tá adhmad darach na hEorpa (dair Thurcach) níos fusa a oibriú na adhmad darach na hÉireann. Tá an snáithe níos dírí inti agus tá gach cuid d’adhmad an stoic ar chomhdhath.  Bíonn adhmad na darach Meiriceánaí gealbhuí nó gealdonn. Tá sé níos boige ná an dair Eorpach agus úsáidtear a lán de in obair chaibinéadachta agus chun veiníre. Tá an dair Sheapánach bog chomh maith agus tá snáithe an-taitneamhach inti. Úsáidtear í i bpainéil, in obair eaglaise agus i bhfeistithe siopa. (Ní i ngeall ar fheabhas a cuid adhmaid ach i ngeall ar mhaise a crutha a fhástar an dair thoilm).

Tá iarsmaí de chuid de na seanchoillte darach le feiceáil fós sa tír seo. I Mainistir Laoise, sa Ghleann Garbh agus i bPáirc na Darach i gCeatharlach mar shampla. Tá ainm an chrainn seo an-choitianta i logainmneacha na tíre – Cill Dara, Áth Dara etc. Deirtear sna seanscéalta go mbeadh an aimsir go maith dá mbeadh duilleoga ar an dair sula mbeidís ar an bhfuinseog.

 

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *