Nead Spideoige – Naíonáin Bheaga Róisín

Táimid ag foghlaim faoi nead éin. Thug Annabelle nead spideoige isteach ar scoil chugainn. D’fhoghlaimíomar faoin spideog. Tá broinn dearg ag an spideog agus tá sí beag. Tá sí clúdaithe le cleití. Is maith léi feithid, péist agus caora. Ní maith léi milseáin! Bíonn uibheacha gorma bheaga ag an spideog. Bíonn an spideog ar gor go dtí go bhfuil na gcearcaigh réidh. Scaoilteann an bhlaosc agus tagann cearcaigh óga ar an saol. Rinnemar imscrúdú ar an nead. Fuaireamar amach go bhfuil sé cuartha agus éadrom. Chonaiceamar gur úsáid an spideog cipíní bheaga, féar, tuí agus duilleoga ar thaobh amuigh an nead. D’úsáid sí gruaig bog agus cleití ar an taobh istigh, chun na huibheacha a choimeád te agus sábháilte. Tá’s againn nach ceart duit cuir isteach ar nead riamh, ar eagla nach dtiocfadh na tuismitheoirí ar ais.

 

Ansin chuamar chun féachaint ar an mbosca neadaireachta sa gháirdín. Tá nead ag an Meantán Gorm ann. Chomhraíomar na huibheacha, agus tá 6 cinn ann! Ansin tháinig an Meantán Gorm ar ais agus chonaiceamar í ar gor. Bhí orainn a bheith an-chiúin. Tá súil againn go bhfeicimid na gcearcaigh go luath!

 

Cruinniú den Choiste Glas 24.05.2017

I láthair

Eoin Ó C r5

Sarah r5

Órlaith r5

Daniel r5

Jack Ó N r6

Ross r4

Amy r4

Ben r2

Clódagh r2

Múinteoir Niamh

  1. Cad atá ar siúl?
    1. Athchúrsáil – bruscar ag dul abhaile le na páistí i MF – boscaí beaga sna seomraí ranga.
    2. Sa ghairdín – luibheanna buíochas le Mamaí Jen
    3. Éanbhreathnú – An Meantán Gorm ag fás aníos
    4. Taisteal – lá rothaíóchta buíóchas le Ally – An Taisce
    5.  Plandaí a chur – buíochas le Comhairle na dTuistí
    6. Uisce – Siúlóid Uisce ar an gCurrach
    7. Athchúrsáil – Clutacha Scoile a athachúrsáil ag deireadh na bliana le Comhairle na dTuistí
    8. Saoránacht Dhomhanda – Airgead a bháiliú do pháistí san Ind – Crannchur nó Siúlóid

Ár Nuacht 16.02.2017

1. Comórtas Ealaíne – Éire 2040 – Ár bPlean – an t-eolas roinnte ag an gCoiste Glas leat Dé Máirt – Dáta iontrála 2.3.2017 ar a deireanaí.

2. Bailiúchán Eádaí – Athchúrsáil – inniu agus amárach. Athúsáid, athchúrsáil, Ná ceannaigh!

3. An bhfuil bosca bruscair ag teastáil ó héinne?

Ba chóir do na páistí an chuid is mó den bhruscar a thógáil abhaile leo san boscaí lóin

– bia, scrgall stáin, scannán cumhdaithe srl

nó a ghlanadh amach agus a chur sa bhosca don athchúrsáil –

tá gá le bosca beag eile le haghaidh rudaí atá salach gan dabht agus muirín mar nílimid á bhailiú faoi láthair agus nuair a úsáideannn na páistí bioróir peann luaidhe ach ba chóir go mbeadh an chuid is mó den bhruscar sa bhosca athchursála nó imiteh abhaile.

Ordóidh mé na boscaí ag an mbriseadh má tá gá leo.

4. Tá Múínteoir Mairéad agus beirt mamaís sásta obair a dhéana,h sa ghairdín – grmmmm – Ar mhaith le aon mhúinteoir eile aire a thabhairt do cheapach amháin agus glasraí nó bláthanna a fhás ann? Inis dom le bhur dtoil.

5. Tosóimid éan na seachtaine tar éis an tsaoire. Beidh an t-eolas ar fad ar fáil ag

https://coisteglasgscd.edublogs.org/

Míle buíochas -An Coiste Glas

 

Cruinniú den Choiste Glas 8.2.2016

Buíochas le mamaí Aisling, mamaí Olga, múinteoir Niamh agus na Gardaí Glasa go léir! Bhí cruinniú iontach againn inniu. Seo iad na miontuairiscí buíochas le Chloé.

I láthair: Chloé, Charlie, Oisín, Megan, Fae, daniel, Alice, Oisín, Sienna, Rónán, Clare, Brendán, Aaron, Áine, Conor, Moya, Emma-Jane agus Erin

1. Comórtas Ealaíne don Athchúrsáil atá ar siúl an tseachtain seo chugainn. Lgh A3, dáta deiridh 15.2.16, duais amháin ag gach leibhéal!

Téama-ag athchúrsáil i nGaelscoil Chill Dara!

2. Boinn Rua- ná déan dearmad boinn rua a thabhairt don mhúinteoir agus seolfaidh do mhúinteoir iad ar aghaidh go dtí an oifig. 30 euro faighte go dtí seo! GRMA

3. Éan na Seachtaine ar an mblag!

4. Trócaire, acmhainní iontacha ar fáil ó Trócaire don Charghas faoi Athrú agus faoi Cheartas Aeráide agus Saoránacht Dhomhanda!

5. Grinaghrafadóir ag teacht Déardaoin um ghrianghraf dona Gardaí Glasa 2014/2015 & 2015/2016 a ghlacadh san fhorhalla. Bígí go hálainn mar is ghnáth😉.

Slán go fóill, Chloé

Éan na Seachtaine – An Spideog 8.2.2016

Is éan beag í an Spideog idir 12 agus 14cm ar fad le réisesciathán idir 20 agus 22cm. Aithnítear an spideog go héasca ón mbrollach dearg a bhíonn aici. Tá glór binn aici agus feictear go minic í i ngairdíní tuaithe, gairdín na scoile agus cathrach go háirithe nuair a bhíonn tochailt ar siúl.

Is féidir éisteacht léi anseo.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil anseo agus anseo!

An bhfuil rann, amhrán, scéal, ealaín nó a thuilleadh eolais agat faoin Spideog? Ba bhreá linn an t-eolas a fháil, fág teachtaireacht le bhur dtoil.

2671.robin2

 

Éan na Seachtaine – An Dreoilín 1.2.2016

dreoilin bain dreoilin

 

Is éan beag é an Dreoilin (an dara éan is lú sa tír)  idir 9 agus 10.5cm ar fad le réisesciathán idir 20 agus 22cm. Aithnítear an Dreoilín go héasca ón eireaball gearr a bhíonn in airde aige. Tá aghaidh dearg ar an Dreoilín baineann agus feictear go minic an Dreoilín i ngairdín na scoile.

Is féidir éisteacht leis anseo.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil anseo.

An Piasún – Éan na Seachtaine 18.01.2016

Creid nó ná chreid é ach chonaic Olga (mamaí Oran agus Tiernan) Piasún i ngairdín na scoile! Is cuimhin liom go maith a bheith ag léamh Danny the Champion of the World le Rang a Ceathair agus bhí suim ollmhór againn sna piasúin!

download (2)

Firicí faoin bPiasún buíochas le Julia Rang 5 agus Síofra Rang 4.

Dath an éin: Tá an piasún baineann donn agus an piasún fireann ildathach, dearg, dubh, corcairghorm le ceann glas agus dubh.

Fad: 70-90 cm

Réise Sciathán: 61cm cearc (baineann) 81cm coileach (fireann)

Cothú (Bia): duilleoga, síolta, fréamhacha agus feithidí

Méid uibheacha: 8-15

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil anseo faoin bPiasún agus anseo má tá fonn ort píóg piasúin a dhéanamh!

An Londubh – Éan na Seachtaine 1 – 11.1.2016

Fáilte romhaibh ar ais ar scoil! Athbhliain faoi mhaise -buíochas le Múinteoir Ann agus na páistí tá na héin i ngáirdín na scoile ( agus iora glas amháin) lán!

Is é an Londubh éan na Seachtaine.

 

Fireannach

 

Baineannach

Baineannach

 

 

Is éan é an londubh a aimsítear go forleathan in Éireann agus i ngairdín na scoile! Aithnítear an londubh go héasca ó na cleití dubha agus a ghob buí/oráiste agus ciorcal oráiste thart timpeall ar a shúile. Tá sé níos mó ná an lasair choille – idir 23 agus 29 cm ar fad agus tá réise sciathán idir 35cm agus 38cm aige.  Is ball de chlann an smólaigh é.  Tá dathanna difriúla ar an londubh baineann.  Tá dath donn uirthi agus dath dorcha ar a gob.  Canann an lon dúbh go binn agus tá easca é ag cloisteáil ag breacadh an lae.

 

Tá a thuilleadh eolais ar fáil anseo agus is féidir éisteacht leis an londubh  anseo.

Le Rang Margo- Rang a Dó

Èanbhreathnù

I mbliana ghlacamar páirt i IBW éanbhreathrú.

Gach lá choimèad Mùinteoir Ann agus páistí nótaí de na héin a bhì le feicèail sa ghàirdìn.

Chomh maith le sin chuireamar eolas Foai na héin ar an mblag Gach seachtain .

Spreag an t-éanbhreathrú muid um beathadán éan a dheanal.

Tá teachín éan againn don mheantán gorm agus camera beag istigh.

Táimid ag súil go mór leis na huibheaca agus gearcaigh a feicèail.

 

Ag féachaint ar na héin

Bhain mé taitneamh as bheith ag féachaint ar na héin i ngairdín na scoile. Thosaigh mé ag féachaint ar na héin i mo ghairdín féin. Chonaic me glasóg shráide. Is éan dubh agus bán é. Tá eireaball fada aige a bhíonn ag dul suas agus anuas nuair a bhíonn sé ag siúl. Tá sé timpeall 16-19 cm ar fad. Itheann sé cuilleoga agus féileacán oíche. Tá said le feiceaíl i ngach áit ach ní fhaca mé ceann sa  ghairdin ar scoil. Ní maith leo an aimsir fhuar ach is maith leo cáca.

 

 

Rachel Rang a 5