Siúlóid Uisce 2017

Déardaoin an 8ú de Mhí an Mheithimh beidh ranganna ó Ghaelscoil Chill Dara ag dul ar siúlóid ar an gCurrach agus ag smaoineamh faoi na páistí i dtíortha eile nach bhfuil in ann uisce glan a fháil sa doirteal sa bhaile cosúil linne ach go mbíonn orthu siúlóid 6km a dhéanamh gach lá um uisce glan a fháil. De ghnáth is iad na páistí agus na mná a shiúlann agus iompraíónn siad suas go 20 lítear leo.

Siúlfaimid agus baileoimid uisce le tabhairt do charthnacht áitiúl a thugann tacaíocht agus cúnamh do dhaione bhochta in ár gceantar féin.

Uisce Glan, uisce glé, ná fág í agh sileadh i rith an lae!

A thuilleadh eolasi anseo!

Cruinniú den Choiste Glas 31.06.2017

Cé a bhí i láthair?

Bhíómar ag obair sa ghairdín, ag cur plandaí. Chabharaigh Daidí Brian, Mamaí Josephine  agus Olibhia bheag go mór linn. Bhí cré, plandaí, potaí agus uisce de dhíth orainn agus an ghrian dár ndóigh, ionas go bhfásfadh siad! Ní dhéanfaimid dearmad uisce a thabhairt dóibh!

Chuireamar síólta i ngairdín na scoile frieisin, puimcíní, tá súil againn go bhfásann siad!

Cruinniú den Choiste Glas 24.05.2017

I láthair

Eoin Ó C r5

Sarah r5

Órlaith r5

Daniel r5

Jack Ó N r6

Ross r4

Amy r4

Ben r2

Clódagh r2

Múinteoir Niamh

  1. Cad atá ar siúl?
    1. Athchúrsáil – bruscar ag dul abhaile le na páistí i MF – boscaí beaga sna seomraí ranga.
    2. Sa ghairdín – luibheanna buíochas le Mamaí Jen
    3. Éanbhreathnú – An Meantán Gorm ag fás aníos
    4. Taisteal – lá rothaíóchta buíóchas le Ally – An Taisce
    5.  Plandaí a chur – buíochas le Comhairle na dTuistí
    6. Uisce – Siúlóid Uisce ar an gCurrach
    7. Athchúrsáil – Clutacha Scoile a athachúrsáil ag deireadh na bliana le Comhairle na dTuistí
    8. Saoránacht Dhomhanda – Airgead a bháiliú do pháistí san Ind – Crannchur nó Siúlóid

Siúlóid Mhór ar an gCurrach

Táimid ag súil go mór le siúlóid a dhéanamh go dtí an reilig ar an gCurrach agus ar ais go dtí an scoil (3km) in onóir na bpáistí san Afraic a shiúlann ar an meán 6km gach lá um uisce úr, glan, sabháilte a fháil don chlann.  Tá an t-ádh dearg linn nach bhfuil orainne siúlóid mhór a dhéanamh gach lá um uisce a fháil.

Uisce – An t-Uisce

Uisce glan, uisce glé, ná fág é ag sileadh i rith an lae!

‘Sí an Afraic an dara mórroinn is mó, 30 milliún km2 aici agus sin
20% de thalamh na cruinne. Gearrann an mhéanlíne ina dá leath í,
le Teochrios Cancer sa leath thuaidh den mhóroinn, agus Teochrios
Capricorn san leath theas. Tá seacht dtíortha is dhá scór san Afraic
agus labhraítear breis is 1,000 teanga is canúint dhifriúila inti. Tá
daonra 900 milliún duine san áit. Is san Afraic atá an abhainn is faide
ar domhan, an Níl atá 6,620 km ar fhad. Síneann an Great Rift Valley,
an gné nádúrtha is suntasaí ar domhan (tá sé le feiceáil ón ngealach)
ón Aetíop go Mozambique. Tá aeráid teochreasach ag dhá thrian
den Afraic agus tá foraoiseach báistí aici nach bhfuil a sarú le fáil sa
domhan cé is móite de abhantrach na hAmasóine. Tá beagnach an
tríú cuid den mhórroinn ina ghaineamhlach, clúdaíonn an Sahara
féin, gaineamhlach atá ag méadú ag ráta 5 km in aghaidh na bliana,
25% den Afraic. ‘Sí an Afraic an mhórroinn is teo ar domhan;
ar 13 Meán Fomhair, 1922 tuairiscíodh teocht 58°C (136°F.) faoin
scáth in Al Aziziya san Libia.

Titeann báisteach an-trom go deo ar
an dá thrian sin den Afraic ina bhfuil aeráid teochreasach nó
fotheochreasach agus scuabann sí léi an ithir in áiteanna nochta
agus freisin i réimsi atá faoi fhoraoiseacha. Titeann faoi bhun
250mm (10 n-órlach) báistí sa bhliain in áiteanna eile.

Buíochas le Development Education

Lá Domhanda an Uisce

“Uisce glan, uisce glé, ná fág é ag sileadh i rith an lae.”

Firicí Fónta faoi hUisce

1. An raibh a fhios agat go n-úsáideann tú lítear amháin uisce gach 10 soicind agus tú ag nígh do lámha!!!

2. An raibh a fhios agat go féidir leat maireachtáil ar feadh míosa gan bhia ach ní féidir maireachtáil níos mó ná 7 lá gan uisce!

3. An raibh a fhios agat go n-usáidtear idir 2,000 agus 2,500 lítear in aghaidh an lae chun bia a fhás do dhuine amháin.!

Beidh siúlóid againn um Lá Domhanda an Uisce a cheiliúradh ach ba bhreá linn smaointe uaibh freisin le bhur dtoil!

Tá a thuilleadh eolais ar fáil anseo buíochas le COGG.

Cuairt ó Karen, Trócaire 06.02.2015 – Rang a Dó – Margo

Tháinig Karen ó Trócaire ar cuairt chuig Gaelscoil Chill dara an an Aoine 06.02.2015. Labhair sí le na páistí i ranganna 1 & 2 ag an tionól in éineacht le Múinteoir Seán. Thug an aoíchainteoir – Karen roinnt eolais do na páistí faoin gcailín atá ar an mbosca Trócaire i mbliana, Mahlet, 13 bliana d’aois ón Aetóip.

Tá go leor eolais iontach ar fáil anseo. Tá comórtas ealaíne freisin agus beidh eolas againn faoi i Mí an Mhárta.

Trócaire le Rang a hAon

Elliot Fionn  Kate Katelyn Fionnan

Bhí bean ó Trócaire ag caint linn faoi conas a fhaigheann tú uisce faoin talamh. Faigheann tú uisce le maisín. Muna bhfuil aon uisce ní féidir leis na bprátaí agus na trátaí fás.   ~ Elliot

Is cailín í Mahlet. Tá sí 13 bliana d’aois. Is feirmeoir é a daidí. Cónaíonn siad san Aetóip. Tá siad ag brath ar an mbáisteach.   ~ Fionnán

Is feirmeoir é Daidí Mahlet. Cónaíonn siad san Aetóip. Caithfidh Mahlet agus a deartháir uisce chun prátaí a fhás. D’úsáid siad maisín chun an tuisce a fháil.   ~ Kate

Níl go leor uisce agus bia acu. Bíonn ocras ar Mahlet, a Daidí agus a Mamaí. Tháinig athrú aeráide.   ~ Katelyn

Tá an iomarca báistí ag cruthú tuilte in Éirinn.   ~ Fionn