Category Archives: Uncategorized
Na Gardaí Glasa 22.09.2017
ATHCHÚRSÁIL ÉADAIGH, cultacha scoile agus FEARAS LEICTREACH agus CEALLRAÍ
4.10.2017 Scioból na Scoile!
Athchúrsáil, athusáid, laghdaigh, Ná Ceannaigh!
Airgead ar fad cruinnithe roinnte idie Comhairle na dTuismitheoirí agus na páistí san Ind.
Boscaí bruscair don mhuirín 15 as 16 foirfe!!!!!
Lus na Gréine – Naíonáin Bheaga Róisín
Táimid ag foghlaim faoi Lus na Gréine anseo i Naíonáin Bheaga Múinteoir Róisín.
Chuireamar síolta Lus na Gréine. Tá cré, uisce agus an ghrian ag teastáil as na síolta chun fás. Tá gas fada glas ag Lus na Gréine, tá lár an bhláth donn agus tá na peiteal buí.
D’fhéachamar ar obair Vincent Van Gogh. Phéinteáil sé pictiúir álainn de Lus na Gréine. Thug sé ionspioráid dúinn. Rinneamar féin pictiúir de Lus na Gréine.
Na buntaistí a bhain mo rang as an gCoiste Glas
Fág teachtaireacht le do thoil!
GRMA
Suirbhé a chuireamar ar na páistí
- Cad is ainm duit?
- An ndéanann tú athchúrsáil ar ghach rud is féidir leat?
- An dtugann do chlann earraí nach bhfuil ag teastáil uathu dona siopaí carthannais?
- An nglacann tú páirt i nglantacháin poiblí?
- An raibh aon rud le hithe nó le hól agat ón Aifric, ón Áis nó ó Mheiriceá Theas an tseachtain seo?
Más eas, cad é? (3 samplaí)
- An gceannaíonn do chlann tairgí trádáil coir?
- An gceannaíonn do chlann bia ó fheirmeoirí áitiúla?
- An mbailíonn tú airgead nó an ndéanann tu obair dheonach do chumainn charthanacha?
- An é do thuairim go bhfuil aon rud I bpáirt agat le duine a chonaionn I dtír bocht?
- Ar scríobh tú riamh chuig páipear nuachta nó chuig duine poiblí faoi rud éigin a raibh suim agat ann?
Cruinniú dena Gardaí Glasa – 7.03.2016
Buíochas le Múinteoir Ann agus na Gardaí Glasa go léir! Bhí cruinniú iontach againn inniu. Seo iad na miontuairiscí buíochas le Charlie.
I láthair: Chloé, Charlie, Oisín, Megan, Fae, Daniel, Alice, Oisín, Sienna, Rónán, Clare, Brendán, Aaron, Áine, Conor, Moya, Emma-Jane, Lorcan agus Lilly
1. Crannchur Cásca ar siúl ar an 16.03.2016 – Ticéad 50 cent an ceann, brabús ar fad ag dul go Coinnigh an Dóchas i gCéinia. Beidh na ticéid á dhíol ag Rang 6 gach lá idir seo agus an 16.3
2. Boinn Rua- ná déan dearmad boinn rua a thabhairt don mhúinteoir agus seolfaidh do mhúinteoir iad ar aghaidh go dtí an oifig. 78 euro faighte go dtí seo! GRMA
3. Comhghairdeachas le Ross i Rang Karen agus Deirdre, léigh a alt iontach https://coisteglasgscd.edublogs.org/2016/01/22/litir-o-ross-mac-an-tsaoir/
4. Trócaire, Ná déan dearmad úsáid a bhaint as na hcmhainní iontach atá ag Trócaire cosúil le Athrú Aeráide agus EU4Schools anseo!
5. Athchúrsáil – Míle buíóchas do na héadaí ar fad a athchúrsáil sibh, shábháil sibh 1366kg!!!!!!!! ar fad ó líónadh talún!! Comhghairdeachas libh!!!Comórtas Ealaíne don Athchúrsáil duaiseanna an tseachtain seo chugainn leis na huibheacha Cásca don chrannchur!
Slán go fóill, Charlie
Cé hiad na Gardaí Glasa 2015/2016
A Mhúinteoirí
Eanach Bhaile an Pholardaigh
D’imigh Rang a Sé go dtí Eanach Bhaile an Pholardaigh i Mí Meán Fómhair 2014 agus bhí am álainn againn!
Saol agus Scéal an Bhanana
An Banana (Fir)
Banana Buí
Na Bananaí
Dath an Bhanana (TG)
An raibh a fhios agat?
Is iad na bananaí an ceathrú biabharr is tábhachtaí sa domhan!(an rís, an chruithneacht, agus an t-arbhar Indiach chun tosaigh orthu!)
Cothaíonn na bananaí 400 milliún daoine!
Tá siad ríthábhachtach do na feirmeoirí beaga a fhásann iad mar bia dóibh féinnó chun iad a dhíol.
Fástar iad i mbreis is 120 tír.
Tagann 98% de na bananaí ó na tíortha faoi fhorbairt.
Is feidir bananaí a úsáíd chun plúr, criospaí, citseap agus beoir a dhéanamh. Is féidir an toradh agus na duilleoga a úsáid ina bia d’ainmhithe.
Is feidir stáirse agus éadaigh a dhéamh astu.
http://climatechoices.org.uk/pages/food1.htm