Lá na bPancóg 17.02.2015

Lá na pancóige (TG ceann amháin)

Na Pancóga – iolra

Lá na bPancóg (TG iolra)

Is aoibhinn linn pancóga! Míle buíochas do na tuismitheoirí a rinne na Pancóga dúinn inniu! Bhí siad an-bhlasta.

Buíóchas le Meon eile is féidir breathnú ar fhíseáin den scoth i nGaeilge anseo.

Tá Cur i Láthair powerpoint iontach ar fáil ag Gaeilge.ie maidir le Máirt na hInide freisin.

Is aoibhinn linn na rudaí seo a leanas le nár bPancóga:

Nutella:

im:

subh:

siúcra:

sioróip mhailpe:

líómóin agus siúcra:

uachtar reoite:

Nutella agus sútha talún:

Ispíní:

Fraocháin ghorma agus sútha talún:

Éan na Seachtaine – An Dreoilín 16.02.2015

dreoilin bain dreoilin

 

Is éan beag é an Dreoilin (an dara éan is lú sa tír)  idir 9 agus 10.5cm ar fad le réisesciathán idir 20 agus 22cm. Aithnítear an Dreoilín go héasca ón eireaball gearr a bhíonn in airde aige. Tá aghaidh dearg ar an Dreoilín baineann agus feictear go minic an Dreoilín i ngairdín na scoile.

Is féidir éisteacht leis anseo.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil anseo. 

An bhfuil rann, amhrán, scéal, ealaín nó a thuilleadh eolais agat faoin Dreoilín? Ba bhreá linn an t-eolas a fháil, fág teachtaireacht le bhur dtoil.

Buaiteoirí an Chomórtais Ealaíne

Comhghairdeachas óc hroí le gach éinne a ghlac páirt san Chomórtas Ealaíne, seo a leanas na buaitheoirí:

Erin agus Maria Linn – Rang a : 1 Aoife.

Róisín – Rang a : 1 Michelle.

Éabha – Rang a : 2 Margó.

Fae – Rang a : 3 Máire.

Emer Ní Dh – Rang a : 3 Éibhlín.

Molly – Rang a : 4 Stephanie.

Ava Nic C – Rang a : 4 Niamh.

Éilis – Rang a : 5 Caitríona.

Rory Ó C – Rang a: 6 Niamh.

Ná déan dearmad – Bailiúcháin Éadaí 17 & 18.02.2015

 

Cuairt ó Karen, Trócaire 06.02.2015 – Rang a Dó – Margo

Tháinig Karen ó Trócaire ar cuairt chuig Gaelscoil Chill dara an an Aoine 06.02.2015. Labhair sí le na páistí i ranganna 1 & 2 ag an tionól in éineacht le Múinteoir Seán. Thug an aoíchainteoir – Karen roinnt eolais do na páistí faoin gcailín atá ar an mbosca Trócaire i mbliana, Mahlet, 13 bliana d’aois ón Aetóip.

Tá go leor eolais iontach ar fáil anseo. Tá comórtas ealaíne freisin agus beidh eolas againn faoi i Mí an Mhárta.

Trócaire le Rang a hAon

Elliot Fionn  Kate Katelyn Fionnan

Bhí bean ó Trócaire ag caint linn faoi conas a fhaigheann tú uisce faoin talamh. Faigheann tú uisce le maisín. Muna bhfuil aon uisce ní féidir leis na bprátaí agus na trátaí fás.   ~ Elliot

Is cailín í Mahlet. Tá sí 13 bliana d’aois. Is feirmeoir é a daidí. Cónaíonn siad san Aetóip. Tá siad ag brath ar an mbáisteach.   ~ Fionnán

Is feirmeoir é Daidí Mahlet. Cónaíonn siad san Aetóip. Caithfidh Mahlet agus a deartháir uisce chun prátaí a fhás. D’úsáid siad maisín chun an tuisce a fháil.   ~ Kate

Níl go leor uisce agus bia acu. Bíonn ocras ar Mahlet, a Daidí agus a Mamaí. Tháinig athrú aeráide.   ~ Katelyn

Tá an iomarca báistí ag cruthú tuilte in Éirinn.   ~ Fionn

 

 

Éan na Seachtaine – An Spideog – 10.02.2015

 

Is éan beag í an Spideog idir 12 agus 14cm ar fad le réisesciathán idir 20 agus 22cm. Aithnítear an spideog go héasca ón mbrollach dearg a bhíonn aici. Tá glór binn aici agus feictear go minic í i ngairdíní tuaithe, gairdín na scoile agus cathrach go háirithe nuair a bhíonn tochailt ar siúl.

Is féidir éisteacht léi anseo.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil anseo agus anseo!

An bhfuil rann, amhrán, scéal, ealaín nó a thuilleadh eolais agat faoin Spideog? Ba bhreá linn an t-eolas a fháil, fág teachtaireacht le bhur dtoil.

2671.robin2

 

 

Teachtaireacht Álainn

Go raibh maith agaibh, tá an Coiste Glas ag múineadh rudaí nua dúinn gach seachtain, Táimid ag faire amach don mheantáin gorm agus beimid in ann iad a aithint go h-éasca anois.

ó Rang a Ceathair agus Múinteoir Niamh

Freagra:

Tá míle maith roimh, tá an Coiste Glas chomh sásta go bhfuil daoine ag féachaint ar na héin. Scríobh Rachel ó Rang 5 faoi na meantáin. Tá eolas nua ar an mblag, bhféidir gur mhaith libh breathnú ar:

Dramhaíl in Éirinn le Rory Ó S.

Lá Domhanda an Uisce

Míle bíochas.

Slán go fóill Avril

Dramháil in Éirinn – Timpeallacht na hÉireann

Firicí Faoi Dhramhaíl in Éirinn

An raibh a fhios agat?

Cruthaítear 367kg de dhramhaíl tí, in aghaidh an duine gach bliain!                                                                                      Cruthaíonn gach líon tí .99 tonna de dramhmhaíl in aghaidh na bliana!                                                                                 Tá 25% beagnach de bruscar diúscartha an tí déanta suas de dramhbia! Cén fáth?                                                                     Cruthach 19,807,584 tonna dramhíola sa Stáit sa bhliain 2010 is ionann sin 4.3 tonna an duine!

Meánn srónbheannach  1 tonna! Tá 1 tonna cothrom le 1,000kg.

rhino

Le Rory Ó S.