Saol agus Scéal an Bhanana

An Banana (Fir)

Banana Buí

Na Bananaí

Dath an Bhanana (TG)

An raibh a fhios agat?

Is iad na bananaí an ceathrú biabharr is tábhachtaí sa domhan!(an rís, an chruithneacht, agus an t-arbhar Indiach chun tosaigh orthu!)

Cothaíonn na bananaí 400 milliún daoine!

Tá siad ríthábhachtach do na feirmeoirí beaga a fhásann iad mar bia dóibh féinnó chun iad a dhíol.

Fástar iad i mbreis is 120 tír.

Tagann 98% de na bananaí ó na tíortha faoi fhorbairt.

Is feidir bananaí a úsáíd chun plúr, criospaí, citseap agus beoir a dhéanamh.  Is féidir an toradh agus na duilleoga a úsáid ina bia d’ainmhithe.

Is feidir stáirse agus éadaigh a dhéamh astu.

Scéal an Bhanana

Scéal an Bhanana Fyffes

Scéal an Bhanana Oxfam

Ask about Ireland

http://climatechoices.org.uk/pages/food1.htm

Saoránacht Dhomhanda : Bruscar agus Dramhaíl

Is Scoil Ghlas í Gaelscoil Chill Dara. Is féidir breathnú siar ar an obair a rinneamar go dtí 2014 anseo!

Tá an t-ádh dearg linn go bhfuil daltaí, tuismithoirí, múinteoirí agus príomhoide iontach againn atá ar an gCoiste Glas ó bhliain go bliain! Táimid ag obair i dtreó an Séú Bratach Ghlas anois! An téama ná “Saoránacht Dhomhanda: Bruscar agus Dramhaíl”. ” Ag tabhairt aire don domhan, Páiste amháin ag an am!”

D’ardaíómar an cúigiú Bratach Ghlas don Bhithéagsúlacht ar an 9 Deireadh Fómhair 2014 agus ó shin ar aghaidh táimid ag obair go dian dn séú bratach.

Bhunaíomar Coiste Glas nua i Deireadh Fómhair 2014. Ar an gCoiste tá an Príómhoide, tuismitheoirí agus múinteoiri chomh maith le daltaí na scoile ó Rang 1-rang 6 – Is iad san Na Gardaí Glasa!

Chuireamar plean gníómhaíóchta le chéile agus thosaíomar ag obair go dian!

Dar linn tá ceithre théama tábhachtach don séú bhratach ghlas a fháil:

1. Athchúrsáil

2. Tíortha an Domhain

3. An Trádáil Chóir

4. Obair Charthanachta.

Rinneamar a lán oibre ar an Athchúrsáil sa chéad bhliain – bruscar, leabhair, éadaí, ealaín, cadhnraí, cultacha agus leabhair scoile.

Rinneamar cairde nua san Afraic, buíochas le Gerry Ó Donoghue agus Coinnigh an Dóchas! Chruinníomar 1,637 euro dóibh anuraidh agus tháinig Gerry chugainn faoi dhó le labhairt linn.

I mbliana táimid ag obair go dian ar Tíortha an Domhain (atá bainteach leis an scoil) agus An Trádáil Chóir go háirithe bananaí.

Buaileann an Coiste Glas le chéile uair sa mhí agus pléimid na hábhair thuas nó téimid ag obair sa ghairdín nó ag eagrú na himeachtaí dona ranganna eile. Téann na Gardaí Glasa timpeall uair gach coicís agus cuireann siad i gcuimhne do na páistí conas aire a thabhairt don domhan!

Bruscar agus Dramhaíl: Athchúrsáil, Athúsáid, Laghdaigh

Fuinneamh: Ag deireadh an lae, dún na doirse agus na fuinneoga, múch na soilse agus an ríomhaire le do thoil!

Uisce: Uisce glan, uisce glé, ná fágé ag sileadh i rith an lae!

Taisteal: Bí ag siúl ar an Máirt, fág do charr sa bhaile!

Bithéagsúlacht: Ó na feithidí is lú go dtí an crann is mó, tá an nádúr mór thimpeall orainn BEO!

Saoránacht Dhomhanda: Ag tabhairt aire don domhan, páiste amháin ag an am!

Tá an Coiste an-ghnóthach i mbliana agus tá na ranganna agus múinteoirí ar fad an-chabhrach agus an-ghlas go deo agus iad ag glacadh páirte lenár gcuid oibre sna seomraí ranga ó na naíonáin go Rang a Sé! Tá ard mholadh tuillte ag an gCoiste don obair iontach a dhéanann siad chun aire a a thabhairt do timpeallacht na scoile agus an domhan! Is cuid an-lárnach de shaol na scoile é An Coiste Glas agus Na Gardaí Glasa agus tá siad ag cur go mór le tuiscint an phobail ar an tionchar is féidir a bheith ag gach duine againn ar an timpeallacht anseo in Éireann agus ar fud an domhain!

“Gaelscoil Chill Dara, Ag tabhairt aire don domhan, Páiste amháin ag an am!”

Uisce – An t-Uisce

Uisce glan, uisce glé, ná fág é ag sileadh i rith an lae!

‘Sí an Afraic an dara mórroinn is mó, 30 milliún km2 aici agus sin
20% de thalamh na cruinne. Gearrann an mhéanlíne ina dá leath í,
le Teochrios Cancer sa leath thuaidh den mhóroinn, agus Teochrios
Capricorn san leath theas. Tá seacht dtíortha is dhá scór san Afraic
agus labhraítear breis is 1,000 teanga is canúint dhifriúila inti. Tá
daonra 900 milliún duine san áit. Is san Afraic atá an abhainn is faide
ar domhan, an Níl atá 6,620 km ar fhad. Síneann an Great Rift Valley,
an gné nádúrtha is suntasaí ar domhan (tá sé le feiceáil ón ngealach)
ón Aetíop go Mozambique. Tá aeráid teochreasach ag dhá thrian
den Afraic agus tá foraoiseach báistí aici nach bhfuil a sarú le fáil sa
domhan cé is móite de abhantrach na hAmasóine. Tá beagnach an
tríú cuid den mhórroinn ina ghaineamhlach, clúdaíonn an Sahara
féin, gaineamhlach atá ag méadú ag ráta 5 km in aghaidh na bliana,
25% den Afraic. ‘Sí an Afraic an mhórroinn is teo ar domhan;
ar 13 Meán Fomhair, 1922 tuairiscíodh teocht 58°C (136°F.) faoin
scáth in Al Aziziya san Libia.

Titeann báisteach an-trom go deo ar
an dá thrian sin den Afraic ina bhfuil aeráid teochreasach nó
fotheochreasach agus scuabann sí léi an ithir in áiteanna nochta
agus freisin i réimsi atá faoi fhoraoiseacha. Titeann faoi bhun
250mm (10 n-órlach) báistí sa bhliain in áiteanna eile.

Buíochas le Development Education

An Coiste Glas -Oíche Shamhna 2015

D’iarr an Coiste Glas ar pháistí na scoile gan culaith nua a cheannach i mbliana d’Oiche Shamhna ach éadaí a athúsáid agus a athchúrsáil! Agus rinne páistí na scoile díreach sin! Is do-chreidte iontach na culaith atá le feiceáil ar scoil inniu! Comhghairdeachas libh go léir! Buíóchas le Grianghrafadóirí Brónagh, Julia agus Caitríona, chomh maith le sin tá grianghraif ar fáil anseo, buíóchas le Grianghrafadóir Barbara, míle buíochas!

 

imageimage

image

imageimageimage

 

imageimage

imageimage