Mí Dheireadh Fómhair i nGaelscoil Chill Dara

  1. Taisteal – Siúl ar an Máirt – Ná tar sa charr – tar ar an mbus.
  2. Athchúrsáil 4.10.2017 sa scioból – éadach agus fearas leictreach
    1. Athchúrsáil, Athúsáid, Laghdaigh, Ná CEANNAIGH!
  3. Lá na gCrann 5.10.2017 – An Dair eolas ar an mblag!
  4. Oíche Shamhna – Cultacha Athchúrsáilte – NÁ CEANNAIGH – Dioscó agus Siúlóid na gCaillí 27.10.2017

An Dair buíochas le askaboutireland

An Dair

An Dair

Tá dhá speiceas dúchasach den dair le fáil in Éirinn – an dair choiteann agus an dair neamhghasánach. Tá siad araon fíorthábhachtach ó thaobh na bithéagsúlachta de. Is féidir leis na scórtha plandaí, ainmhithe agus mamaigh de chineálacha éagsúla a bheith ag fás nó ag cur fúthu ar chrann darach agus le suas le 350 speiceas inveirteabrach. Dearcáin an bia is fearr leis an scréachóg.

An Dair buíochas leis an PDST

An Dair

Ba í an dair an crann ba thábhachtaí i bhforaoisí na hÉireann anallód. Ba í príomhfhoinse adhmad na dtithe, na mbád, an troscán agus na bhfeithiclí í ar feadh na gcianta. Ní fhásann sí an-ard ná an-tapa; bíonn a fáinní bliantúla an-soiléir, agus is furasta na gathanna meideallacha a thabhairt faoi deara inti. Dath donn a bhíonn ar an gcineál darach is luachmhaire; níl an saghas dearg chomh luachmhar sin.

Adhmad an-bhuan atá sa dair. Maireann sí níos sia na míle bliain in áit thirim, aerach. Fiú amháin, fuarthas píosaí de a bhí faoi uisce ar feadh na gcéadta bliain agus iad gan dreo. Tá adhmad na darach crua, righin, láidir, agus is furasta é a lúbadh le gal. Tá sé ornáideach agus raidhsiúil chomh maith. Is iad na lochtanna atá air ná go stangann sé mura mbíonn sé stálaithe go maith, go n-ionsaíonn baictéir é, agus go milleann an t-aigéad a bhíonn ann aon mhiotal a dhéanann teagmháil leis. Is minic a fheictear dair phortaigh agus dath dubh uirthi – an t-iarann a bhíonn sa chaonach is cúis leis sin. Bíonn tainnin i gcoirt na darach go háirithe san earrach, agus bhaintí úsáid as sin tráth i gcomhair na súdaireachta.

Is iomaí cineál crann darach at ann ach is iad an dair choitianta agus an dair neamhghasánach na saghsanna is  tábhachtaí. Úsáidtear mórchuid den dair choitianta chun troscán.  Tá adhmad darach na hEorpa (dair Thurcach) níos fusa a oibriú na adhmad darach na hÉireann. Tá an snáithe níos dírí inti agus tá gach cuid d’adhmad an stoic ar chomhdhath.  Bíonn adhmad na darach Meiriceánaí gealbhuí nó gealdonn. Tá sé níos boige ná an dair Eorpach agus úsáidtear a lán de in obair chaibinéadachta agus chun veiníre. Tá an dair Sheapánach bog chomh maith agus tá snáithe an-taitneamhach inti. Úsáidtear í i bpainéil, in obair eaglaise agus i bhfeistithe siopa. (Ní i ngeall ar fheabhas a cuid adhmaid ach i ngeall ar mhaise a crutha a fhástar an dair thoilm).

Tá iarsmaí de chuid de na seanchoillte darach le feiceáil fós sa tír seo. I Mainistir Laoise, sa Ghleann Garbh agus i bPáirc na Darach i gCeatharlach mar shampla. Tá ainm an chrainn seo an-choitianta i logainmneacha na tíre – Cill Dara, Áth Dara etc. Deirtear sna seanscéalta go mbeadh an aimsir go maith dá mbeadh duilleoga ar an dair sula mbeidís ar an bhfuinseog.

 

 

Lá na gCrann 2017 Ár bplainéad Ár rogha!

I nGaelscoil Chill Dara táimid ag tabhairt aire don domhan – páiste amháin ag an am!

Eolas ar fáil anseo!

Beidh Rang a hAon Cáit ag cur cnó ón gcrann cnó chapaill!

http://www.treeday.ie/growatree.html

Gníomhaíóchtaí áille ar fáil

anseo! Tá siad i mBéarla amháin ach b’fhéidir go mbeadh suim ag rang amháin gníomhaíochtaí a chur ar fáil i nGaeilge!

An Dair – http://www.treeday.ie/spotlighton.html

Na Gardaí Glasa – Suirbhé Ranga 28.09.2017

Na Gardaí Glasa 28.09.2017

  1. Ainm an Mhúinteora:
  2. Cé mhéad atá sa seomra ranga anois?

 

Athchúrsáil agus Bruscar

  1. An bhfuil 3 bhosca bruscair sa rang? Tá/Níl
  2. An bhfuil an manna don Athchúrsáil ar eolas acu?

Muna bhfuil inis dóibh! Athchúrsáil, Athúáid, Laghdaigh, Ná Ceannaigh!

  1. Inis dóibh agus iarr ar an múinteoir nóta a chur sa dialann:

Bailiúchán Éadaigh agus Fearas Leictreach sa scioból 4.10.2017 8am-.3.30pm

 

Taisteal

  1. Conas a tháinig daoine ar scoil inniu?

Carr:

Bus:

Ag siúl ón mbaile:

Ag rothaíocht ón mbaile:

Ag páirceáil agus ag súil:

Ag páirceáil agus ag scútáil:

Aon bhealach eile?

An bhfuil veist shofheicthe buí ag éinne sa rang sa bhaile? Tá/ Níl

Cé mhéad?

Boscaí Bruscair NUA

Boscaí bruscair nua faighte timpeall na scoile

Dubh – Athchúrsáil – Glan agus Tirim

Airgead – Faoi bhord an mhúinteora – ní bheidh mórán i gceist

Beag agus dubh – muirín – torthaí glasraí amháin -TADA EILE ldt scamhadh ón bpeann luaidhe cedaithe agus mála tae sa seomra foirne.

Baileoidh Christian na sean bhoscaí. Baileoidh an CG muirín Céadaoin agus Aoine

GACH RUD EILE ABHAILE LDT