An Dair buíochas le askaboutireland

An Dair

An Dair

Tá dhá speiceas dúchasach den dair le fáil in Éirinn – an dair choiteann agus an dair neamhghasánach. Tá siad araon fíorthábhachtach ó thaobh na bithéagsúlachta de. Is féidir leis na scórtha plandaí, ainmhithe agus mamaigh de chineálacha éagsúla a bheith ag fás nó ag cur fúthu ar chrann darach agus le suas le 350 speiceas inveirteabrach. Dearcáin an bia is fearr leis an scréachóg.

An Dair buíochas leis an PDST

An Dair

Ba í an dair an crann ba thábhachtaí i bhforaoisí na hÉireann anallód. Ba í príomhfhoinse adhmad na dtithe, na mbád, an troscán agus na bhfeithiclí í ar feadh na gcianta. Ní fhásann sí an-ard ná an-tapa; bíonn a fáinní bliantúla an-soiléir, agus is furasta na gathanna meideallacha a thabhairt faoi deara inti. Dath donn a bhíonn ar an gcineál darach is luachmhaire; níl an saghas dearg chomh luachmhar sin.

Adhmad an-bhuan atá sa dair. Maireann sí níos sia na míle bliain in áit thirim, aerach. Fiú amháin, fuarthas píosaí de a bhí faoi uisce ar feadh na gcéadta bliain agus iad gan dreo. Tá adhmad na darach crua, righin, láidir, agus is furasta é a lúbadh le gal. Tá sé ornáideach agus raidhsiúil chomh maith. Is iad na lochtanna atá air ná go stangann sé mura mbíonn sé stálaithe go maith, go n-ionsaíonn baictéir é, agus go milleann an t-aigéad a bhíonn ann aon mhiotal a dhéanann teagmháil leis. Is minic a fheictear dair phortaigh agus dath dubh uirthi – an t-iarann a bhíonn sa chaonach is cúis leis sin. Bíonn tainnin i gcoirt na darach go háirithe san earrach, agus bhaintí úsáid as sin tráth i gcomhair na súdaireachta.

Is iomaí cineál crann darach at ann ach is iad an dair choitianta agus an dair neamhghasánach na saghsanna is  tábhachtaí. Úsáidtear mórchuid den dair choitianta chun troscán.  Tá adhmad darach na hEorpa (dair Thurcach) níos fusa a oibriú na adhmad darach na hÉireann. Tá an snáithe níos dírí inti agus tá gach cuid d’adhmad an stoic ar chomhdhath.  Bíonn adhmad na darach Meiriceánaí gealbhuí nó gealdonn. Tá sé níos boige ná an dair Eorpach agus úsáidtear a lán de in obair chaibinéadachta agus chun veiníre. Tá an dair Sheapánach bog chomh maith agus tá snáithe an-taitneamhach inti. Úsáidtear í i bpainéil, in obair eaglaise agus i bhfeistithe siopa. (Ní i ngeall ar fheabhas a cuid adhmaid ach i ngeall ar mhaise a crutha a fhástar an dair thoilm).

Tá iarsmaí de chuid de na seanchoillte darach le feiceáil fós sa tír seo. I Mainistir Laoise, sa Ghleann Garbh agus i bPáirc na Darach i gCeatharlach mar shampla. Tá ainm an chrainn seo an-choitianta i logainmneacha na tíre – Cill Dara, Áth Dara etc. Deirtear sna seanscéalta go mbeadh an aimsir go maith dá mbeadh duilleoga ar an dair sula mbeidís ar an bhfuinseog.

 

 

Lá na gCrann 2017 Ár bplainéad Ár rogha!

I nGaelscoil Chill Dara táimid ag tabhairt aire don domhan – páiste amháin ag an am!

Eolas ar fáil anseo!

Beidh Rang a hAon Cáit ag cur cnó ón gcrann cnó chapaill!

http://www.treeday.ie/growatree.html

Gníomhaíóchtaí áille ar fáil

anseo! Tá siad i mBéarla amháin ach b’fhéidir go mbeadh suim ag rang amháin gníomhaíochtaí a chur ar fáil i nGaeilge!

An Dair – http://www.treeday.ie/spotlighton.html

Nead Spideoige – Naíonáin Bheaga Róisín

Táimid ag foghlaim faoi nead éin. Thug Annabelle nead spideoige isteach ar scoil chugainn. D’fhoghlaimíomar faoin spideog. Tá broinn dearg ag an spideog agus tá sí beag. Tá sí clúdaithe le cleití. Is maith léi feithid, péist agus caora. Ní maith léi milseáin! Bíonn uibheacha gorma bheaga ag an spideog. Bíonn an spideog ar gor go dtí go bhfuil na gcearcaigh réidh. Scaoilteann an bhlaosc agus tagann cearcaigh óga ar an saol. Rinnemar imscrúdú ar an nead. Fuaireamar amach go bhfuil sé cuartha agus éadrom. Chonaiceamar gur úsáid an spideog cipíní bheaga, féar, tuí agus duilleoga ar thaobh amuigh an nead. D’úsáid sí gruaig bog agus cleití ar an taobh istigh, chun na huibheacha a choimeád te agus sábháilte. Tá’s againn nach ceart duit cuir isteach ar nead riamh, ar eagla nach dtiocfadh na tuismitheoirí ar ais.

 

Ansin chuamar chun féachaint ar an mbosca neadaireachta sa gháirdín. Tá nead ag an Meantán Gorm ann. Chomhraíomar na huibheacha, agus tá 6 cinn ann! Ansin tháinig an Meantán Gorm ar ais agus chonaiceamar í ar gor. Bhí orainn a bheith an-chiúin. Tá súil againn go bhfeicimid na gcearcaigh go luath!

 

Cruinniú den Choiste Glas 31.06.2017

Cé a bhí i láthair?

Bhíómar ag obair sa ghairdín, ag cur plandaí. Chabharaigh Daidí Brian, Mamaí Josephine  agus Olibhia bheag go mór linn. Bhí cré, plandaí, potaí agus uisce de dhíth orainn agus an ghrian dár ndóigh, ionas go bhfásfadh siad! Ní dhéanfaimid dearmad uisce a thabhairt dóibh!

Chuireamar síólta i ngairdín na scoile frieisin, puimcíní, tá súil againn go bhfásann siad!

Cruinniú den Choiste Glas 24.05.2017

I láthair

Eoin Ó C r5

Sarah r5

Órlaith r5

Daniel r5

Jack Ó N r6

Ross r4

Amy r4

Ben r2

Clódagh r2

Múinteoir Niamh

  1. Cad atá ar siúl?
    1. Athchúrsáil – bruscar ag dul abhaile le na páistí i MF – boscaí beaga sna seomraí ranga.
    2. Sa ghairdín – luibheanna buíochas le Mamaí Jen
    3. Éanbhreathnú – An Meantán Gorm ag fás aníos
    4. Taisteal – lá rothaíóchta buíóchas le Ally – An Taisce
    5.  Plandaí a chur – buíochas le Comhairle na dTuistí
    6. Uisce – Siúlóid Uisce ar an gCurrach
    7. Athchúrsáil – Clutacha Scoile a athachúrsáil ag deireadh na bliana le Comhairle na dTuistí
    8. Saoránacht Dhomhanda – Airgead a bháiliú do pháistí san Ind – Crannchur nó Siúlóid

An Gairdín

Is aoibheann leis an gCoiste Glas a bheith ag obair sa gháirdín, ba mhaith linn buíóchas ó chroí a ghabháil le Mamaí Sarah r5M, Mamaí Caoimhe R4E agus Mamí Caoimhe R3 C agus Mamaí Jack R6 C a bhíonn ag cabhrú linn go minic! Táimid ag súil go mór le plandaí a dhíol ag an Lá Spraoi sa Pháirc ar an 11 de Mhí an Mheitheamh!

Beimid ag cur na plandaí an tseachtain seo chugainn!

Ár Nuacht – Gairdín na Scoile 27.02.2017

A chairde,

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le  Mamaí Deirdre, Mamaí Jen agus Múinteoir Mairéad don obair iontach atá déanta agaibh i ngairdín na scoile i mbliana.

1. Beidh Múinteoir Mairéad ag obair le 3 leaba i ngairdín na scoile, Prátaí, Biabhog agus Tógáil!

2. Beidh mamaí Deirdre ag obair le na páistí leis na leapacha eile – Prátaí – bláthanna fiáine agus Píseanna/oiniúin/gairleog

Beidh Deirdre ag obair le páistí ann le M Niamh/ Mairéad tráthnóna Déardaoin nó Aoine 9/10/3/2017. GRMA

3. Ba bhreá linn an sciobólaín sa ghairdín  a phéinteál.

4. An bhfuil bosca bruscair ag teastáil ó do rangsa? Ba chóir do na páistí aon bhruscar nach féidir linn a athchúrsáil a thógáil abhaile.

 

Tá an coiste glas ag dul siar ar gach brat atá faighte go dtí seo i mbliana, ag tosú le athchúrsáil.

Slán go fóill agus míle buíóchas, Niamh Uí agus an coiste glas!

Óstán Féithidí Gaelscoil Chill Dara

Ba mhaith linn eolas a fháil fain óstán -cabhraigh linn?

  1. Cén tionchar atá ag an aimsir, séasúircag athrú agus láithreach to plandaí ar an ngnáthóg?
  2. An bhfuil níos mó mionbheithígh de réir mar a théann na seachtainí?
  3. An féidir linn slabhra bia nó líonra bia a aithint as ghnáthóg?
  4. Cén baint atá ag an lochán ar an óstán feithidí?