Ár Elizabeth-Ann Siobhra i gCéinia

Niamh a chara, griangraf le Elizabeth-Ann Siobhra agus David Rudisha

Is é David Rudisha  an reathaí a bhuaigh an curiarracht dhomahanda sa rás 800m agus bhuaigh sé bonn órga i  2015 i gCraobh an Domhain agus i 2012  sna cluichí Olimpeacha.   Nuair atá sé ag traenáil i  Iten, cónaíonn sé in aice linn!

 

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Is aoibhinn linn do gheansaí a Elizabeth-Ann!

Cuairt ó Karen, Trócaire 06.02.2015 – Rang a Dó – Margo

Tháinig Karen ó Trócaire ar cuairt chuig Gaelscoil Chill dara an an Aoine 06.02.2015. Labhair sí le na páistí i ranganna 1 & 2 ag an tionól in éineacht le Múinteoir Seán. Thug an aoíchainteoir – Karen roinnt eolais do na páistí faoin gcailín atá ar an mbosca Trócaire i mbliana, Mahlet, 13 bliana d’aois ón Aetóip.

Tá go leor eolais iontach ar fáil anseo. Tá comórtas ealaíne freisin agus beidh eolas againn faoi i Mí an Mhárta.

Trócaire le Rang a hAon

Elliot Fionn  Kate Katelyn Fionnan

Bhí bean ó Trócaire ag caint linn faoi conas a fhaigheann tú uisce faoin talamh. Faigheann tú uisce le maisín. Muna bhfuil aon uisce ní féidir leis na bprátaí agus na trátaí fás.   ~ Elliot

Is cailín í Mahlet. Tá sí 13 bliana d’aois. Is feirmeoir é a daidí. Cónaíonn siad san Aetóip. Tá siad ag brath ar an mbáisteach.   ~ Fionnán

Is feirmeoir é Daidí Mahlet. Cónaíonn siad san Aetóip. Caithfidh Mahlet agus a deartháir uisce chun prátaí a fhás. D’úsáid siad maisín chun an tuisce a fháil.   ~ Kate

Níl go leor uisce agus bia acu. Bíonn ocras ar Mahlet, a Daidí agus a Mamaí. Tháinig athrú aeráide.   ~ Katelyn

Tá an iomarca báistí ag cruthú tuilte in Éirinn.   ~ Fionn

 

 

Trócaire – Carghas 2015

Nuair a thagann an Carghas, smaoinímid i gcónaí ar Trócaire agus ar an obair a dhéanann an eagraíocht sin sa Tríú Domhan.

Pléann Feachtas Trócaire an Charghas seo leis an Téama “An t-Athrú Aeráide”.

Beidh cuairteoir ag teacht ar an 6 Feabhra le labhairt linn faoin bhfeachtas.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil anseo.