Cruinniú den Choiste Glas 8.2.2016

Buíochas le mamaí Aisling, mamaí Olga, múinteoir Niamh agus na Gardaí Glasa go léir! Bhí cruinniú iontach againn inniu. Seo iad na miontuairiscí buíochas le Chloé.

I láthair: Chloé, Charlie, Oisín, Megan, Fae, daniel, Alice, Oisín, Sienna, Rónán, Clare, Brendán, Aaron, Áine, Conor, Moya, Emma-Jane agus Erin

1. Comórtas Ealaíne don Athchúrsáil atá ar siúl an tseachtain seo chugainn. Lgh A3, dáta deiridh 15.2.16, duais amháin ag gach leibhéal!

Téama-ag athchúrsáil i nGaelscoil Chill Dara!

2. Boinn Rua- ná déan dearmad boinn rua a thabhairt don mhúinteoir agus seolfaidh do mhúinteoir iad ar aghaidh go dtí an oifig. 30 euro faighte go dtí seo! GRMA

3. Éan na Seachtaine ar an mblag!

4. Trócaire, acmhainní iontacha ar fáil ó Trócaire don Charghas faoi Athrú agus faoi Cheartas Aeráide agus Saoránacht Dhomhanda!

5. Grinaghrafadóir ag teacht Déardaoin um ghrianghraf dona Gardaí Glasa 2014/2015 & 2015/2016 a ghlacadh san fhorhalla. Bígí go hálainn mar is ghnáth😉.

Slán go fóill, Chloé

Nuacht Litir – Eanáir 2016

An Coiste Glas – Nuachtlitir – Eanáir 2016                 

Feisteas Oíche ShamhnaGo raibh míle maith agaibh, bhí lá iontach againn ar an 23 de Mhí Dheireadh Fómhair agus bhí na culaith lámhdhéanta agus athchúrsáilte thar barr! Féach ar na grianghraif ar www.coisteglasgscd.edublogs.org / www.gaelscoilchilldara.com

Halloween Costumes – Thank you all so much for the amazing home-made and recycled outfits which were worn on the 23rd of October. We all had a wonderful day and photos are available on www.coisteglasgscd.edublogs.org / www.gaelscoilchilldara.com

An Bhratach Ghlas – Tháinig Dara Wyer ó An Taisce chuig an scoil ar an 9 de Mhí na Samhna agus labhair sé leis na Gardaí Glasa, dúirt sé linn go raibh obair den scoth idir láimhe againn agus go raibh sé cinnte go n-éireodh linn ár séú bratach ghlas a bhaint amach go luath! “Ag tabhairt aire don domhan, páiste amháin ag an am!”

Green Flag – Dara Wyer from An Taisce visited the school on the 9th of November. He spoke with the Gardaí Glasa and afterwards said that they were doing wonderful work and he was confdent that we would succeed in achieving our Sixth green flag very soon! “Ag tabhairt aire don domhan, páiste amháin ag an am” – “Looking after the world, one child at a time!”

Tionscadal na mBoscaí– Go raibh míle maith agaibh do na boscaí ar fad lán le bronntanais a thóg na páistí isteach i Mí na Samhna, d’éirigh linn 204 Bosca a sheoladh ar aghaidh i mbliana, an méid is mó riamh! Maith sibh!

Team Hope Shoebox Appeal – Thank you all so much for all the shoe boxes full of lovely presents which were brought in this November. We succeeded in forwarding 204 Boxes this year, a Gaelscoil Chill Dara record! Well done!

Choinnigh an Dóchas/Maintain Hope

Ag Aonach na Leabhar, dhíol Rang a Sé agus na Gardaí Glasa seacláid chóirthrádála, chruinnigh siad níos mó ná 100 euro do Choinnigh an Dóchas i gCéinia. Tá grianghraf álainn de na Gardaí Glasa i bhFéilire na Scoile, an bhfaca tú é?

At Aonach na Leabhar, Rang a Sé and the Gardaí Glasa sold fairtrade chocolate. A profit of over 100 euro was made for Maintain Hope in Kenya. There is a lovely photo of the Gardaí Glasa in the Féilire 2016, have you seen them?

No Uniform Day – 434 euro was raised on the day which was fantastic.

Christmas Cards – Maintain Hope received 20% (284.20 euro) of the funds raised from the beautiful Christmas cards prepared by the children

Boinn  Rua   Ba bhreá le na Gardaí Glasa boinn rua a bháiliú idir seo agus An Nollaig le haghaidh Coinnigh an Dóchas, an bhfuil cinn agat sa bhaile nach bhfuil uait? Beidh málaí ag na múinteoirí ranga.

Copper coins, the Gardaí Glasa would love to collect unwanted copper coins between now and Christmas for Maintain Hope, do you have some at home that you no longer need? The múinteoirí will have bags to collect.

Éanbhreathnú – tá an t-éanbhreathnú tosaithe i ngairdín na scoile arís, buíochas le Múinteoir Anne agus Mamaí Olga ní bheidh ocras ar na héin i nGaelscoil Chill Dara!

Birdwatching– our Bird Watch Ireland project is underway once again, thanks to Múinteoir Anne agus Mamaí Olga the birds of Gaelscoil Chill Dara will not go hungry!

Athchúrsáil Scoile – Athchúrsáil Scoile ar siúl arís i mbliana chun airgead a bhailiú don scoil ar an Máirt an 16ú Feabhra agus ar an gCéadaoin an 17ú Feabhra. Beidh éadaí, péirí bróga,málaí lámha,fóin póca agus ríomhairí glúine ar fáil. Táimíd ag bailiú leapacha,línéadach,tuáillí, agus cuirtíní freisin i mbliana. Le bhur dtoil coimeád na nithe seo go dtí an t-am sin. Bheimís fíorbhuíoch le d’aon cunamh.

 

School Recycling Fundraiser  -A School Recycling Fundraiser will take place again this year on Tuesday 16th and Wednesday 17th February. As well as collecting reusable clothes, paired shoes, belts, handbags, mobile phones and laptops, we are also collecting reusable bed linen, towels and curtains this year. So please hold onto these unwanted items until then. Any contributions will be much appreciated to generate funds for the school.

Slán agus beannacht ón gCoiste Glas

Litir ó Ross Mac an tSaoir

Haigh! Is mise Ross Mac an tSaoir agus táim i rang a Cúig i nGaelscoil Chill Dara. Tá mo scoil ar an gCurragh i nDroichead Nua agus is áras iontach é. Ta se oscailte le haghaidh fiche bliain i mbliana- “fiche bliain ag fas”. Tá an timpeallacht lasmuigh chomh tábhachtach is atá na ranganna taobh istigh. Tá gáirdin againn ina bhfuil glasraí, bláthanna agus torthaí ag fás. Tugann na tuismitheoirí cabhair dúinn aire a thabhairt dó. Tá óstan na bhfeithidí ann freisin, atá deanta ag daidí Orain i mo rangsa. Ach an rud is fearr liom ná “Lios na Sí” mar is áit suaimhneach, stairiúil é le snoíodóireacht Cheilteacha ann . Tá an Coiste Glas ag déanamh a lán rudaí le haghaidh an timpeallacht; tá said ag bailiú fón caite, sean éadaí agus miotal um athchúrsáil a dhéanamh orthu. I mbliana don chéad uair thug an Coiste Glas teastais agus duaiseanna do na daltaí a d’úsáid ábhair athchúrsáilte le haghaidh na culaith Oíche Shamhna. Rinne said Malartú na Leabhar anuraidh, thóg gach páiste leabhar isteach agus roghnaigh said leabhar eile abhaile! agus díolann said seacláid chóir thrádála um airgead a bhailiú do Choinnigh an Dóchas I gCéinia go rialta. Táimid ar fad sa scoil an-ghnóthach ag obair chun an 6ú Bratach Ghlas a bhaint amach. Táimid ag foghlaim faoi thíórtha timpeall an domhain, ag athchúrsáil, ag cruinniú airgid do Choinnigh an Dochas I gCéinia agus ag foghlaim faoi bhia chóirthrádála agus ag déanamh iarrachta é a cheannach! An téama atá ann ná Saoránacht Domhanda; Bruscar agus Dramhaíl. “Ag tabhairt aire don domhan, páiste amháin ag an am!” Féach ar bhlag an Choiste Ghlais: www.coisteglasgscd.edublogs.org Slán agus beannacht libh go léir, Ross Mac an tSaoir

Éanbhreathnú le hEoin

Bhí mé ag féachaint ar na héin  sa ghairdín gach lá le Charlie.Cheap mé go bhfaca mé spioróg lá amhain ach níl mé cinnte. D’imigh sé róthapa. Nuair a bhí an sioc ann, chuir mé amach uisce do na héin mar bhí an lochán reoite. An t-éan is fearr liom ná an spioróg. Thug mé isteach bosca éin agus chroch Múinteoir Séan é ar an gcrann. Tá súil agam go dtiocfaidh éan chun cónaí ann.Táím brónach go bhfuil an suirbhé thart.

Le Eoin Rang 3 Máire

Teachtaireacht Álainn ó Rang Esther

Maith sibh as ucht cabhrú linn go léir foghlaim faoi na héin atá in éineacht linn gach lá.

Iontach bheith in ann éisteacht leo.

Míle buíochas. Rang Esther

 

Freagra:

Tá failte is fiche romhaibh. Go raibh míle maith agat as ucht an teachtaireacht álainn. Is feidir féachaint orthu ag an bhfuinneog (ach bígí  an-chiúin). Nuair atá na postaer déanta agaibh don chomórtas ealaíne seol iad chuig Múinteoir Margo.

Slán go fóill Avril agus Rory Ó S

Teachtaireachtaí áille

Míle buíochas do Mhúinteoir Máire agus a rang a sheol teachtaireacht álainn chuig An Coiste Glas:

A chairde,
Tá na postaeir don chomórtas déanta againn anois. Go raibh maith agaibh. Chonaiceamar an ealaín a rinne sibh thíos staighre. Tá sé an-mhaith ar fad. Chuir sibh an-iarracht isteach ann. Is fearr linn an liathróid raiceála. Is rang an-chruithaitheach sibh.

Freagra:

Seol na postaer chuig Múinteoir Margo le bhur dtoil.Go raibh míle maith agat as an teachtaireacht álainn a sheol sibh chugainn, is breá linn an liathróid raiceála freisin, rinne Aidan, Ciarán, Ken agus Rory Ó C é. Slán go fóill Avril agus Rory Ó S.