An Chéad Bhratach Ghlas – Téama Bruscar agus Dramhaíl
Athchúrsáil, Athúsáid, Laghdaigh agus Ná Ceannaigh sa chéad áit!
Féach ar na postaeir iontacha a rinneamar faoin Athchúrsáil!
An Chéad Bhratach Ghlas – Téama Bruscar agus Dramhaíl
Athchúrsáil, Athúsáid, Laghdaigh agus Ná Ceannaigh sa chéad áit!
Féach ar na postaeir iontacha a rinneamar faoin Athchúrsáil!
Táimid ag foghlaim faoi nead éin. Thug Annabelle nead spideoige isteach ar scoil chugainn. D’fhoghlaimíomar faoin spideog. Tá broinn dearg ag an spideog agus tá sí beag. Tá sí clúdaithe le cleití. Is maith léi feithid, péist agus caora. Ní maith léi milseáin! Bíonn uibheacha gorma bheaga ag an spideog. Bíonn an spideog ar gor go dtí go bhfuil na gcearcaigh réidh. Scaoilteann an bhlaosc agus tagann cearcaigh óga ar an saol. Rinnemar imscrúdú ar an nead. Fuaireamar amach go bhfuil sé cuartha agus éadrom. Chonaiceamar gur úsáid an spideog cipíní bheaga, féar, tuí agus duilleoga ar thaobh amuigh an nead. D’úsáid sí gruaig bog agus cleití ar an taobh istigh, chun na huibheacha a choimeád te agus sábháilte. Tá’s againn nach ceart duit cuir isteach ar nead riamh, ar eagla nach dtiocfadh na tuismitheoirí ar ais.
Ansin chuamar chun féachaint ar an mbosca neadaireachta sa gháirdín. Tá nead ag an Meantán Gorm ann. Chomhraíomar na huibheacha, agus tá 6 cinn ann! Ansin tháinig an Meantán Gorm ar ais agus chonaiceamar í ar gor. Bhí orainn a bheith an-chiúin. Tá súil againn go bhfeicimid na gcearcaigh go luath!
Táimid ag foghlaim faoi Lus na Gréine anseo i Naíonáin Bheaga Múinteoir Róisín.
Chuireamar síolta Lus na Gréine. Tá cré, uisce agus an ghrian ag teastáil as na síolta chun fás. Tá gas fada glas ag Lus na Gréine, tá lár an bhláth donn agus tá na peiteal buí.
D’fhéachamar ar obair Vincent Van Gogh. Phéinteáil sé pictiúir álainn de Lus na Gréine. Thug sé ionspioráid dúinn. Rinneamar féin pictiúir de Lus na Gréine.
Tá Rang a 5 ag súil go mór leis an Lá Rothaíóchta atá á eagrú ag an gCoiste Glas dóibh le John ar an 12ú de mhí an Mheithimh i nGaelscoil Chill Dara. Beidh rothar agus clogad rothaíochta ag teastáil uathu!
Cad is ceart a dhéanamh nuair atá tú ag rothaíocht!
Déardaoin an 8ú de Mhí an Mheithimh beidh ranganna ó Ghaelscoil Chill Dara ag dul ar siúlóid ar an gCurrach agus ag smaoineamh faoi na páistí i dtíortha eile nach bhfuil in ann uisce glan a fháil sa doirteal sa bhaile cosúil linne ach go mbíonn orthu siúlóid 6km a dhéanamh gach lá um uisce glan a fháil. De ghnáth is iad na páistí agus na mná a shiúlann agus iompraíónn siad suas go 20 lítear leo.
Siúlfaimid agus baileoimid uisce le tabhairt do charthnacht áitiúl a thugann tacaíocht agus cúnamh do dhaione bhochta in ár gceantar féin.
Uisce Glan, uisce glé, ná fág í agh sileadh i rith an lae!
Cé a bhí i láthair?
Bhíómar ag obair sa ghairdín, ag cur plandaí. Chabharaigh Daidí Brian, Mamaí Josephine agus Olibhia bheag go mór linn. Bhí cré, plandaí, potaí agus uisce de dhíth orainn agus an ghrian dár ndóigh, ionas go bhfásfadh siad! Ní dhéanfaimid dearmad uisce a thabhairt dóibh!
Chuireamar síólta i ngairdín na scoile frieisin, puimcíní, tá súil againn go bhfásann siad!
I láthair
Eoin Ó C r5
Sarah r5
Órlaith r5
Daniel r5
Jack Ó N r6
Ross r4
Amy r4
Ben r2
Clódagh r2
Múinteoir Niamh
Táimid ag súil go mór le siúlóid a dhéanamh go dtí an reilig ar an gCurrach agus ar ais go dtí an scoil (3km) in onóir na bpáistí san Afraic a shiúlann ar an meán 6km gach lá um uisce úr, glan, sabháilte a fháil don chlann. Tá an t-ádh dearg linn nach bhfuil orainne siúlóid mhór a dhéanamh gach lá um uisce a fháil.
Is aoibhinn linn a bheith ag rothaíócht i Ngaelscoil Chill Dara nó ag siúl ar scoil más féidir!
Foghl;aimid conas aire a thabhairt do na rothair buíochas le Ally ón dTaisce agus uaireant fiú téimid amach ag rothaíocht!
Táimid ag súil go mó leis arí i mbliana.
Is aoibheann leis an gCoiste Glas a bheith ag obair sa gháirdín, ba mhaith linn buíóchas ó chroí a ghabháil le Mamaí Sarah r5M, Mamaí Caoimhe R4E agus Mamí Caoimhe R3 C agus Mamaí Jack R6 C a bhíonn ag cabhrú linn go minic! Táimid ag súil go mór le plandaí a dhíol ag an Lá Spraoi sa Pháirc ar an 11 de Mhí an Mheitheamh!
Beimid ag cur na plandaí an tseachtain seo chugainn!