Is Scoil Ghlas í Gaelscoil Chill Dara. Is féidir breathnú siar ar an obair a rinneamar go dtí 2014 anseo!
Tá an t-ádh dearg linn go bhfuil daltaí, tuismithoirí, múinteoirí agus príomhoide iontach againn atá ar an gCoiste Glas ó bhliain go bliain! Táimid ag obair i dtreó an Séú Bratach Ghlas anois! An téama ná “Saoránacht Dhomhanda: Bruscar agus Dramhaíl”. ” Ag tabhairt aire don domhan, Páiste amháin ag an am!”
D’ardaíómar an cúigiú Bratach Ghlas don Bhithéagsúlacht ar an 9 Deireadh Fómhair 2014 agus ó shin ar aghaidh táimid ag obair go dian dn séú bratach.
Bhunaíomar Coiste Glas nua i Deireadh Fómhair 2014. Ar an gCoiste tá an Príómhoide, tuismitheoirí agus múinteoiri chomh maith le daltaí na scoile ó Rang 1-rang 6 – Is iad san Na Gardaí Glasa!
Chuireamar plean gníómhaíóchta le chéile agus thosaíomar ag obair go dian!
Dar linn tá ceithre théama tábhachtach don séú bhratach ghlas a fháil:
1. Athchúrsáil
2. Tíortha an Domhain
3. An Trádáil Chóir
4. Obair Charthanachta.
Rinneamar a lán oibre ar an Athchúrsáil sa chéad bhliain – bruscar, leabhair, éadaí, ealaín, cadhnraí, cultacha agus leabhair scoile.
Rinneamar cairde nua san Afraic, buíochas le Gerry Ó Donoghue agus Coinnigh an Dóchas! Chruinníomar 1,637 euro dóibh anuraidh agus tháinig Gerry chugainn faoi dhó le labhairt linn.
I mbliana táimid ag obair go dian ar Tíortha an Domhain (atá bainteach leis an scoil) agus An Trádáil Chóir go háirithe bananaí.
Buaileann an Coiste Glas le chéile uair sa mhí agus pléimid na hábhair thuas nó téimid ag obair sa ghairdín nó ag eagrú na himeachtaí dona ranganna eile. Téann na Gardaí Glasa timpeall uair gach coicís agus cuireann siad i gcuimhne do na páistí conas aire a thabhairt don domhan!
Bruscar agus Dramhaíl: Athchúrsáil, Athúsáid, Laghdaigh
Fuinneamh: Ag deireadh an lae, dún na doirse agus na fuinneoga, múch na soilse agus an ríomhaire le do thoil!
Uisce: Uisce glan, uisce glé, ná fágé ag sileadh i rith an lae!
Taisteal: Bí ag siúl ar an Máirt, fág do charr sa bhaile!
Bithéagsúlacht: Ó na feithidí is lú go dtí an crann is mó, tá an nádúr mór thimpeall orainn BEO!
Saoránacht Dhomhanda: Ag tabhairt aire don domhan, páiste amháin ag an am!
Tá an Coiste an-ghnóthach i mbliana agus tá na ranganna agus múinteoirí ar fad an-chabhrach agus an-ghlas go deo agus iad ag glacadh páirte lenár gcuid oibre sna seomraí ranga ó na naíonáin go Rang a Sé! Tá ard mholadh tuillte ag an gCoiste don obair iontach a dhéanann siad chun aire a a thabhairt do timpeallacht na scoile agus an domhan! Is cuid an-lárnach de shaol na scoile é An Coiste Glas agus Na Gardaí Glasa agus tá siad ag cur go mór le tuiscint an phobail ar an tionchar is féidir a bheith ag gach duine againn ar an timpeallacht anseo in Éireann agus ar fud an domhain!
“Gaelscoil Chill Dara, Ag tabhairt aire don domhan, Páiste amháin ag an am!”