Fág teachtaireacht le do thoil!
GRMA
Fág teachtaireacht le do thoil!
GRMA
Más eas, cad é? (3 samplaí)
Tá an Coiste Glas 2014-2015 agus 2015-2016 tar éis obair den scoth a dhéanamh agus anois táimid ag déanamh iarratais don Séú Bhratach. Tá a fhios againn go bhfuilimid ag obair go dian agus go bhfuil an obair ar fad déanta againn agus táimid ag leanúint ar aghaidh leis an obair iontach ach tá sé deacair gach rud a chur ar pháipéar.
Is muidne na Gardaí Glasa 2014-2016! agus ár gclár taobh thiar dúinn!
Bia le Rang Deirdre
As cén tíortha a thagann ár mbia?
Fásann beagnach gach saghas bia ar fheirm. Ceannaímid sna siopaí agus sna margaí é. Go minic téann an bia ón bhfeirm go dtí monarcha ar dtús, sna monarcha déantar bia difriúil as agus cuirtear i bpacáiste é, msh déantar arán as gráinní.
Ach as cén tíortha a thagann ár mbia?
Cén % den bhia a ithimid atá táirgthe in Éire? Nó I Sasana?
Cén ilchríoch as a thagann an bia atá á ithe againn ó lá go lá?
An raibh a fhios agat san Eoraip nach ithimíd ach 70% den bhia a cheannaímid?
Rinneamar suirbhé ar an mbia a d’itheamar don dhinnéar tráthnóna Dé Luain agus tráthnóna Dé Máirt!
Bhí orainn 8 tairge a roghnú a d’úsáideamar agus muid ag ullmhú an dinnéir ar an Luan agus arís ar am Máirt- Seo iad na ceisteanna a bhí le freagairt againn
Ceist 1.Féach go géar ar na pacáistí agus fiosraigh as cén tír a tháinig said?
Ceist 2. Ansin oibrigh amach as cén ilchríoch?
Ceist 3. Ar úsáid sibh aon earraí cóirthrádála?
Cén tír? Cé ilchríóch? An bia cóirthrádála é?
Bhí ionadh orainn faoin méid taistil a bhí i gceist ag an mbia ach thaitin sé linn a bheith ag breathnú ar an mbia agus as seo amach déanfaimid iarrach níos mó bia atá áitiúil agus i séasúr a cheannach agus a ithe! le Oisín agus Alice
Féach ar an bhfíseán álainn atá déanta ag Elizabeth-Ann Siobhra agus í i gCéinia, maith thú!
Is é David Rudisha an reathaí a bhuaigh an curiarracht dhomahanda sa rás 800m agus bhuaigh sé bonn órga i 2015 i gCraobh an Domhain agus i 2012 sna cluichí Olimpeacha. Nuair atá sé ag traenáil i Iten, cónaíonn sé in aice linn!
Buíochas le Múinteoir Ann agus na Gardaí Glasa go léir! Bhí cruinniú iontach againn inniu. Seo iad na miontuairiscí buíochas le Charlie.
I láthair: Chloé, Charlie, Oisín, Megan, Fae, Daniel, Alice, Oisín, Sienna, Rónán, Clare, Brendán, Aaron, Áine, Conor, Moya, Emma-Jane, Lorcan agus Lilly
1. Crannchur Cásca ar siúl ar an 16.03.2016 – Ticéad 50 cent an ceann, brabús ar fad ag dul go Coinnigh an Dóchas i gCéinia. Beidh na ticéid á dhíol ag Rang 6 gach lá idir seo agus an 16.3
2. Boinn Rua- ná déan dearmad boinn rua a thabhairt don mhúinteoir agus seolfaidh do mhúinteoir iad ar aghaidh go dtí an oifig. 78 euro faighte go dtí seo! GRMA
3. Comhghairdeachas le Ross i Rang Karen agus Deirdre, léigh a alt iontach https://coisteglasgscd.edublogs.org/2016/01/22/litir-o-ross-mac-an-tsaoir/
4. Trócaire, Ná déan dearmad úsáid a bhaint as na hcmhainní iontach atá ag Trócaire cosúil le Athrú Aeráide agus EU4Schools anseo!
5. Athchúrsáil – Míle buíóchas do na héadaí ar fad a athchúrsáil sibh, shábháil sibh 1366kg!!!!!!!! ar fad ó líónadh talún!! Comhghairdeachas libh!!!Comórtas Ealaíne don Athchúrsáil duaiseanna an tseachtain seo chugainn leis na huibheacha Cásca don chrannchur!
Slán go fóill, Charlie