Seachtain 1 – An Lasair Choille – Éanbhreathnú

Is í an lasair choille éan na seachtaine!

Éist léi anseo.

An Lasair Choille

Is éan beag í an lasair choille a aimsítear go forleathan in Éireann agus i ngairdín na scoile! Aithnítear an lasair choille go héasca ó na cleití dearga a bhíonn aici ar a haghaidh. Tá sí 14cm ar fad agus tá réise sciathán 24cm aici, an-chosúil le méid na spideoga.

Is í an lasair choille an t-éan is coitianta i ngairdín na scoile dar leis an mbreathnóireacht  atá idir láimhe ag Múinteoir Anne, Charlie, Michél, Rachel, Cora agus Eoin. Thosaigh siad ag coinneáil súil ghéar ar na héin gach lá ag meán lae ar an 1 la Nollaig 2014.  Go raibh míle maith agaibh.

Má tá am agaibh bheadh sé álainn dul ar cuairt chuig fuinneog na néan (go ciúin!). Tá postaeir álainn ann chomh maith leis na héin iad fein le feiceáil ón bhfuinneog in aice leis an ngairdín. Tá trí bhosca éan sa ghairdín; dhá bhosca le poill iontu agus ceann amháin le tosach oscailte. Is fearr leis na héin na síolta na na cnónna dar le Olga atá ag cur bia amach dóibh go rialta.

Go raibh maith agat a hOlga.

A thuilleadh eolais ar fáil anseo agus anseo.

Le Rang 6 – Avril, Cillian, Hannah agus Rory Ó S.

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *