Monthly Archives: January 2015
Coinnigh an Dóchais 24.11.2014
Tháinig Gerry O Donoghue ar chuairt inniu agus labhair sé linn maidir le Maintain Hope. Is fear iontach lách agus cineálta é Gerry agus mar iar-phríomhoide tá sé ag caitheamh a chuid ama anois ag cabhrú le daoine bochta sa Chéinia, go háirithe páistí scoile agus dílleachtaí.
Thaitin sé go mór linn a bheith ag éisteacht le Gerry agus a scéalta ach bhí sé an-bhrónach a chlois faoin mbochtanas agus na galair agus mhúin sé rúinín beag Swahili dúinn.
Tá cinneadh déanta againn cabhrú le Gerry airgead a bháiliú don charthanacht Maintain Hope.
A thuilleadh eolais anseo.
Kwaheri – Slán go fóill
An Domhan – An Chéinia
01-An-Domhan-FT-R4
Táimid ag foghlaim faoi na hIlchríocha agus na hAigéin agus go háirithe an Afraic agus an Chéinia.
Tá cruinneog álainn nua againn sna seomraí ranga agus beimid ag baint úsáide as na léarscáileannaagusna hatlais freisin.
Is aoibhinn linn a bheith ag foghlaim faoi Saoránaíocht Domhanda..
Malartú na Leabhar 2014- 21.11.14
Bhí lá den scoth againn ar an Aoine “Lá gan aon phinn luaidhe” a bhí ann agus d’eagraigh Rang Niamh Malartú na Leabhar 2014 don scoil ar fad le cúnamh ó Rang Esther agus An Coiste Glas. Míle buíochas.
Bhíomar sona sásta ag obair ag an Malartú, ag cabhrú le na páistí beaga agus ag coinneáil na leabhar in ord agus in eagar! D’imigh gach uile páiste sa scoil abhaile le leabhar nua a roghnaigh siad féin ag an Malartú na Leabhar agus tá súil againn gur bhain siad taitneamh agus tairbhe as. Gan cheist bhíomar tuirseach traochta ag dul abhaile ach ba iontach an deis é dúinn foghlaim cén chaoi a oibríonn ócáid mar seo.
Míle, míle buíochas do pháiste na scoile a thóg níos mó ná 1,100 leabhar ar scoil leo, gan bhur leabhair ní bheadh aon Mhalartú na Leabhar!
Hello world!
Welcome to your brand new blog at Edublogs!
To get started, simply visit your blog’s dashboard, edit or delete this post and check out all the other options available to you.
Like more help?
We can walk you through step-by-step in our guide to getting started with your blog.
Happy blogging!