Na Gardaí Glasa- 20.01.2015

An Coiste Glas – Siúl ar an Máirt – Taisteal

Rang:

Múinteoir:

Dáta: 20.01.2015

 

Conas a tháinig tú ar scoil?

Sa charr le páistí ó chlann eile. Shiúil mé Sa charr le mo chlann féin. Ar an mbus Ar mo rothar Phairceáil mo thuismitheoiri an carr taobh amuigh agus shiúileamar.

 

Conas a bheidh tú ag dul abhaile?

Sa charr le páistí ó chlann eile. Siúlfaidh mé. Sa charr le mo chlann féin. Rachaidh mé abhaile ar an mbus. Beidh mé ag dul abhaile ar mo rothar. Siúlfaidh mé go dti an carr atá taobh amuigh den scoil agus tiomáinfaimid abhaile.

 

 

Athchúrsáil –Bí cinnte de go bhfuil dhá bhosca bruscair agaibh- an bhfuil?

Má dhéanann tú Ealaín le ábhar athchúrsáilte le do thoil glac grianghraif agus seol chuig Múinteoir Niamh ar Aladdin.

 

Beidh eolas faoi chomórtas ealaíne again an tseachtain seo chugainn!

 

Éan na seachtaine – an lasair choille – eolas ag www.coisteglasgscd.edublogs.org – beidh ceisteanna againn  an tseachtain seo chugainn!

 

Go raibh mile maith agaibh – An Coiste Glas

Cruinniú den Choiste Glas 19.01.2015

Bhí cruinniú den Choiste Glas againn inniu.

Seo iad na daoine a bhí i láthair Julia, Kirsty, Kerianna, Gráinne, Hannah, Avril, Holly-Megan, Romy, Rachel, Eoghan, Jack, James, Erin, Ciarán, Senan, Ronan, Cillian, Rory agus Mark.

Chuamar go léir ag féachaint ar na héin. Chonaiceamar a lán lasair choille. Bhí siad ag ithe na sílte a chuireann Olga amach dóibh. Bhí spideog agus mantáin ghorma  ann freisin. Léamar alt faoin Óstán Feithidí a scríobh Oran i Rang 4 Niamh. Rinne Tiernan, Rang 2 Karen agus Deirdre,  Lego  iontach freisin agus bhíomar ag féachant ar an Lego.

Beidh na Gardaí Glasa  ag súil timpeall chuig na ranga gach Máirt 1 a chlog ag cur cúpla ceisteanna oraibh. Táimid ag cur ceiste ar na ranganna chun ealaín a dhéanamh as rudaí a bhíonn tú ag athchúrsáil mar bhoscaí nó paipéar agus na grianghraif a sheoladh chuig Múinteoir Niamh ar Aladinn. Ghlach Olga griangraif  friesin agus is feidir leat féachaint orthú thíos. Téann Rachel, Charlie, Michél ,Cora, Eoin agus Múinteoir Anne ag féachaint ar na héin agus dúirt siad go bhfeiceann siad a lán Lasair Choille, Spideoga agus Meantáin.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil faoin Lasair Choille anseo.

Le Avril agus Rory Ó S.

DSC_0095 DSC_0096

 

 

 

Seachtain 1 – An Lasair Choille – Éanbhreathnú

Is í an lasair choille éan na seachtaine!

Éist léi anseo.

An Lasair Choille

Is éan beag í an lasair choille a aimsítear go forleathan in Éireann agus i ngairdín na scoile! Aithnítear an lasair choille go héasca ó na cleití dearga a bhíonn aici ar a haghaidh. Tá sí 14cm ar fad agus tá réise sciathán 24cm aici, an-chosúil le méid na spideoga.

Is í an lasair choille an t-éan is coitianta i ngairdín na scoile dar leis an mbreathnóireacht  atá idir láimhe ag Múinteoir Anne, Charlie, Michél, Rachel, Cora agus Eoin. Thosaigh siad ag coinneáil súil ghéar ar na héin gach lá ag meán lae ar an 1 la Nollaig 2014.  Go raibh míle maith agaibh.

Má tá am agaibh bheadh sé álainn dul ar cuairt chuig fuinneog na néan (go ciúin!). Tá postaeir álainn ann chomh maith leis na héin iad fein le feiceáil ón bhfuinneog in aice leis an ngairdín. Tá trí bhosca éan sa ghairdín; dhá bhosca le poill iontu agus ceann amháin le tosach oscailte. Is fearr leis na héin na síolta na na cnónna dar le Olga atá ag cur bia amach dóibh go rialta.

Go raibh maith agat a hOlga.

A thuilleadh eolais ar fáil anseo agus anseo.

Le Rang 6 – Avril, Cillian, Hannah agus Rory Ó S.

 

Coiste na dTuismitheoirí – Scrap Miotail

Tá Coiste na dTuistí ag cuidiú leis an gCoiste Glas in aon bealach is féidir leo chun an 6ú Brat Glas a bhaint amach do Shaoránacht Domhanda, Bruscar agus Dramhaíl. I rith an Earraigh beidh an Coiste ag eagrú  ‘Glanadh Suas Earraigh’ timpeall na scoile. Tá sé ar intinn ag an gCoiste seachtain eile Scrap Miotal a dhéanamh i mí Márta. Mar sin, le do thoil coinneáil aon mhiotal dramh go dtí an am seo.

 

Athchúrsáil – Bailiúcháin Éadaí

Bailiúcháin Éadaí:

Beidh athchúrsáil na héadaí, bróga agus fóin póca, ar siúl ar an Mháirt 17ú / Céadaoin 18ú Feabhra. Beidh an bailiúcháin sa Scioból idir 8.30-9.15 rn agus 1.15-3 in, ar an dá lá. Mar sin, le do thoil sealbhaigh  na míreanna seo nach dteastaíonn uait go dtí sin. Beimid buíoch as aon tacaíocht a chabhraíonn linn  airgead a dhéanamh.

Rags To Riches

A school recycling fundraiser of clothes, shoes and mobile phones, will take place on Tuesday 17th/ Wednesday 18th February. Drop off point will be the Scioból and volunteers will be there to collect the items from 8.30 to 9.15 a.m. and from 1.15 to 3 p.m., on both days. So please hold onto these unwanted items until then.