Éan na Seachtaine – An Meantán Gorm – 03.02.2015

Is  é an meantán gorm éan na seachtaine.

blur tit                                              blue tit 2

Is éan beag é an meantán gorm idir 10 agus 12cm ar fad le réisesciathán idir 18 agus 2ocm . Tá  cleití gorma  agus buí acu agus stríoc dubh trasna na súl acu.

Is féidir an meantán a fheiceáil i ngairdín na scoile, i bpáirceanna agus sna sceacha.

Bíonn siad le feiceáil go minic i ngrúpaí beaga.

 Itheann siad feithidí, caora, bléibíní, síolta, damháin alla agus cnónna.

Bíonn siad le feiceáil gach lá i nGaelscoil Chill Dara sa ghairdí ag ithe ó bhoird éan .

Is féidir éisteacht leis an meantán gorm anseo.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil ó Derek Mooney agus anseo.

 

 Le Rachel Rang a Cúig (An Coiste Glas)

 

2 thoughts on “Éan na Seachtaine – An Meantán Gorm – 03.02.2015

  1. Maith sibh as ucht cabhrú linn go léir foghlaim faoi na héin atá in éineacht linn gach lá. Iontach bheith in ann éisteacht leo.Míle buíochas. Esther

  2. Go raibh maith agaibh, tá an Coiste Glas ag múineadh rudaí nua dúinn gach seachtain, Táimid ag faire amach don mheantáin gorm agus beimid in ann iad a aithint go h-éasca anois..

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *