Bhí cruinniú den Choiste Glas againn ar an 10.03.2015.
Bhí Mamaí Olga agus Mamaí Aisling, Múinteoirí Anne, Margo agus Niamh chomh maith le na gardaí glasa go léir i láthair.
1. Phléamar an obair a bhí déanta go dtí seo i mbliana, Malartú na Leabhar, Aigead a bhailiú do Choinnigh an Dóchais, seacláid cóirthrádála a dhíol, Éadaí a athchúrsáil, comórtas ealaíne a eagrú agus ealaín déanta as dramhaíl agus ábhair athchúrsáilte agus éanbhreathnú. D’aontaigh na gardaí glasa go raibh siad an-bhrodúil as an obair a rinne siad don éanbhreathnú go háirithe agus gur fhoglaim gach duine rudaí nua faoi na héin!
2. Uisce – Mí an Mhárta. Chuamar timpeall chuig na ranganna ag insint firící faoin uisce dóibh agus taimid ag súil le sin a dhéanamh arís ar an 18.03.2015.
3. Beidh siúlóid againn ar an 23.03.2015 um uisce a iompar timpeall na scoile um Lá Domhanda an Uisce a cheiliúradh.
4. Beidh crannchur na Cásca againn um airgead a bháiliú do Choinnigh an Dóchais ag baint úsáide as Seacláid cóirthrádála.
5. Beidh glanadh an earraigh againn i mí Aibreán.
6. Beidh mí siúl ar scoil, tar ar scoil ar do rothar, scútar againn i mí na Bealtaine . Fuair Mamaí Olga greamathóirí áille dúinn. Míle buíochas.
Is mise Rory Ó S.