Uisce – An t-Uisce

Uisce glan, uisce glé, ná fág é ag sileadh i rith an lae!

‘Sí an Afraic an dara mórroinn is mó, 30 milliún km2 aici agus sin
20% de thalamh na cruinne. Gearrann an mhéanlíne ina dá leath í,
le Teochrios Cancer sa leath thuaidh den mhóroinn, agus Teochrios
Capricorn san leath theas. Tá seacht dtíortha is dhá scór san Afraic
agus labhraítear breis is 1,000 teanga is canúint dhifriúila inti. Tá
daonra 900 milliún duine san áit. Is san Afraic atá an abhainn is faide
ar domhan, an Níl atá 6,620 km ar fhad. Síneann an Great Rift Valley,
an gné nádúrtha is suntasaí ar domhan (tá sé le feiceáil ón ngealach)
ón Aetíop go Mozambique. Tá aeráid teochreasach ag dhá thrian
den Afraic agus tá foraoiseach báistí aici nach bhfuil a sarú le fáil sa
domhan cé is móite de abhantrach na hAmasóine. Tá beagnach an
tríú cuid den mhórroinn ina ghaineamhlach, clúdaíonn an Sahara
féin, gaineamhlach atá ag méadú ag ráta 5 km in aghaidh na bliana,
25% den Afraic. ‘Sí an Afraic an mhórroinn is teo ar domhan;
ar 13 Meán Fomhair, 1922 tuairiscíodh teocht 58°C (136°F.) faoin
scáth in Al Aziziya san Libia.

Titeann báisteach an-trom go deo ar
an dá thrian sin den Afraic ina bhfuil aeráid teochreasach nó
fotheochreasach agus scuabann sí léi an ithir in áiteanna nochta
agus freisin i réimsi atá faoi fhoraoiseacha. Titeann faoi bhun
250mm (10 n-órlach) báistí sa bhliain in áiteanna eile.

Buíochas le Development Education

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *