Creid nó ná chreid é ach chonaic Olga (mamaí Oran agus Tiernan) Piasún i ngairdín na scoile! Is cuimhin liom go maith a bheith ag léamh Danny the Champion of the World le Rang a Ceathair agus bhí suim ollmhór againn sna piasúin!
Firicí faoin bPiasún buíochas le Julia Rang 5 agus Síofra Rang 4.
Dath an éin: Tá an piasún baineann donn agus an piasún fireann ildathach, dearg, dubh, corcairghorm le ceann glas agus dubh.
Fad: 70-90 cm
Réise Sciathán: 61cm cearc (baineann) 81cm coileach (fireann)
Cothú (Bia): duilleoga, síolta, fréamhacha agus feithidí
Méid uibheacha: 8-15
Is féidir a thuilleadh eolais a fháil anseo faoin bPiasún agus anseo má tá fonn ort píóg piasúin a dhéanamh!