Haigh! Is muidne na Gardaí Glasa ó Rang 1 – Rang 6!
Category Archives: Na Gardaí Glasa
Èanbhreathnù
I mbliana ghlacamar páirt i IBW éanbhreathrú.
Gach lá choimèad Mùinteoir Ann agus páistí nótaí de na héin a bhì le feicèail sa ghàirdìn.
Chomh maith le sin chuireamar eolas Foai na héin ar an mblag Gach seachtain .
Spreag an t-éanbhreathrú muid um beathadán éan a dheanal.
Tá teachín éan againn don mheantán gorm agus camera beag istigh.
Táimid ag súil go mór leis na huibheaca agus gearcaigh a feicèail.
Fionnachta Eolaíochta
An Coiste Glas + Na Gardaí Glasa
Avril Ní Mhathúna
Is Dalta mé i Rang Niamh, Rang a sé, Gaelscoil Chill Dara,
Is baill mé den Choiste Glas i mbliana.
Gach bliain sa rang bímid ag déanamh rudaí don Choiste glas,
Cosúil le bruscar a chur sna boscaí bruscair cearta
Agus uisce a úsáid go curamach ach
Tá an-áthas orm a bheith mar dhuine de na Gardaí Glas i mbliana.
Buailimíd le chéile uair nó dhó Gach mí, uair amháin ag a 2 a chlog Agus uair eile ag am lón. Sabhraimid faoin mBrat don Saoránacht Dhomhanda: Bruscar
agus Dramháil Agus na rudaí atá á dhéanamh againn.
Uaireanta tá suirbhé nó ceistneoir le cur ar na paistí againn, Crannchuir nó Comórtas le eagrú nó ealaín le deanamh.
Is bréa liom a bheith páirteach. Avril Ní Mhathúna
Fionnachta Eolaíochta, An Coiste Glas & Curaím imshaoil
Rory Ó Scannláin is ainm dom agus is dálta mé i rang 6, Gaelscoil Chill Dara. Tá mé ar an gcoiste glas i mbliana agus is breá liom an obair go háirithe eolas a chur ar an mblag. Www.coisteglasgscd.edublogs.org
I mbliana táimid ag obair ar an 6ú bhrat – Saoránacht Dhomhanda. Bruscar agus drámhaíl agus táimid ag iarradh go mbeidh na páistí go léir i GSCD freagrach don imshaoil i a GSCD, sa bhaile, in Éireann agus timpeall an domhain. Bhí a lán gníomhaíochtaí againn i mbliana a cabhródh le athchúrsáil sa scoil.
Mar Shampla: Malartú leabhar i Mí Samhna, Bailiúchán éadaí i Mí Feabhra, le bailiúchán & comortás ealaíne.
Chomh maith le sin i Mí Aibreáin bhíomar agus tuismitheoirí ag glanadh na scoile agus ar an gCurrach don ghlantachán earraigh. Gach mí bíonn rud éigean á eagrú ag an gcoiste glas le cabhrú le pobal na scoile aire a thabhairt don imshaoil.
Lá na nÉadaí Glasa agus Crannchur na Cásca
Buíochas le na páistí iontacha bhailíomar 440euro le haghaidh Coinnigh an Dóchais . Go raibh míle maith agaibh!
Beidh Crannchur na Cásca ag na Gardaí Glasa ar an Aoine ag 12.00in. Cosnóidh na ticéid 50cent an ceann. Díolfaidh Rang 6 iad ag am lóin. Is iad Uibheacha Cásca na duaiseanna.
Cruinniú den Choiste Glas – 10.03.2015 le Rory
Bhí cruinniú den Choiste Glas againn ar an 10.03.2015.
Bhí Mamaí Olga agus Mamaí Aisling, Múinteoirí Anne, Margo agus Niamh chomh maith le na gardaí glasa go léir i láthair.
1. Phléamar an obair a bhí déanta go dtí seo i mbliana, Malartú na Leabhar, Aigead a bhailiú do Choinnigh an Dóchais, seacláid cóirthrádála a dhíol, Éadaí a athchúrsáil, comórtas ealaíne a eagrú agus ealaín déanta as dramhaíl agus ábhair athchúrsáilte agus éanbhreathnú. D’aontaigh na gardaí glasa go raibh siad an-bhrodúil as an obair a rinne siad don éanbhreathnú go háirithe agus gur fhoglaim gach duine rudaí nua faoi na héin!
2. Uisce – Mí an Mhárta. Chuamar timpeall chuig na ranganna ag insint firící faoin uisce dóibh agus taimid ag súil le sin a dhéanamh arís ar an 18.03.2015.
3. Beidh siúlóid againn ar an 23.03.2015 um uisce a iompar timpeall na scoile um Lá Domhanda an Uisce a cheiliúradh.
4. Beidh crannchur na Cásca againn um airgead a bháiliú do Choinnigh an Dóchais ag baint úsáide as Seacláid cóirthrádála.
5. Beidh glanadh an earraigh againn i mí Aibreán.
6. Beidh mí siúl ar scoil, tar ar scoil ar do rothar, scútar againn i mí na Bealtaine . Fuair Mamaí Olga greamathóirí áille dúinn. Míle buíochas.
Is mise Rory Ó S.
Cé hiad na Gardaí glasa?
Éan na Seachtaine – An Piasún 04.03.2015
Creid nó ná chreid é ach chonaic Olga (mamaí Oran agus Tiernan) Piasún i ngairdín na scoile! Is cuimhin liom go maith a bheith ag léamh Danny the Champion of the World le Rang a Ceathair agus bhí suim ollmhór againn sna piasúin!
Firicí faoin bPiasún buíochas le Julia Rang 5 agus Síofra Rang 4.
Dath an éin: Tá an piasún baineann donn agus an piasún fireann ildathach, dearg, dubh, corcairghorm le ceann glas agus dubh.
Fad: 70-90 cm
Réise Sciathán: 61cm cearc (baineann) 81cm coileach (fireann)
Cothú (Bia): duilleoga, síolta, fréamhacha agus feithidí
Méid uibheacha: 8-15
Is féidir a thuilleadh eolais a fháil anseo faoin bPiasún agus anseo má tá fonn ort píóg piasúin a dhéanamh!
Na Gardaí Glasa
Bhí cruinniú de na gardaí glasa inniu. Bhí na gardaí ar fheabhas ag insint dúinn faoin Spideog agus Meantán Gorm. Bhí Erein agus Kirsty an-chabhrach, míle buíochas.
Beidh siad ag teacht chugat inniu le heolas faoin Spideog, Meantán Gorm agus ag bailiú iontrálacha don Chomórtas Ealaíne.
Go raibh míle maith agaibh!
Na Gardaí Glasa- 20.01.2015
An Coiste Glas – Siúl ar an Máirt – Taisteal
Rang:
Múinteoir:
Dáta: 20.01.2015
Conas a tháinig tú ar scoil?
Sa charr le páistí ó chlann eile. | Shiúil mé | Sa charr le mo chlann féin. | Ar an mbus | Ar mo rothar | Phairceáil mo thuismitheoiri an carr taobh amuigh agus shiúileamar. |
Conas a bheidh tú ag dul abhaile?
Sa charr le páistí ó chlann eile. | Siúlfaidh mé. | Sa charr le mo chlann féin. | Rachaidh mé abhaile ar an mbus. | Beidh mé ag dul abhaile ar mo rothar. | Siúlfaidh mé go dti an carr atá taobh amuigh den scoil agus tiomáinfaimid abhaile. |
Athchúrsáil –Bí cinnte de go bhfuil dhá bhosca bruscair agaibh- an bhfuil?
Má dhéanann tú Ealaín le ábhar athchúrsáilte le do thoil glac grianghraif agus seol chuig Múinteoir Niamh ar Aladdin.
Beidh eolas faoi chomórtas ealaíne again an tseachtain seo chugainn!
Éan na seachtaine – an lasair choille – eolas ag www.coisteglasgscd.edublogs.org – beidh ceisteanna againn an tseachtain seo chugainn!
Go raibh mile maith agaibh – An Coiste Glas